Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Port Omna, Co. na Gaillimhe
Uimhir Theileafóin: +353 90 9741658
Uimh. Facs: +353 90 9741889
Ríomhphost: portumnacastle@opw.ie
Suíomh gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
5 Aibreán go 26 M. Fómhair: Go laethúil, 09.30 - 18.00
D. Fómhair: Deirí seachtaine amháin, 09.30 - 17.00
Cead isteach deiridh 45 nóiméad roimh am dúnta
Gnáthfhad na Cuairte: 1 uair
Táillí Isteach
Duine Fásta: €3.00
Grúpa agus Seanóir: €2.00
Leanbh/Dalta scoile: €1.00
Teaghlach: €8.00
Áiseanna
Taispeántais, gairdíní, carrchlós poiblí cóngarach don suíomh
Bialann/Seomraí Tae: Bialann/ seomra tae áitiúil i bhfoisceacht cúpla coiscéim
Thóg Risteárd de Búrca nó de Burgo, 4ú Iarla Chlann Riocaird an teach mór leathdhaingnithe seo i bPort Omna roimh 1618. Ba é príomhionad cumhachta theaghlach de Burgo é ar feadh breis is 200 bliain go dtí gur scrios tine é sa bhliain 1826. Tá urlár na talún ar oscailt don phobal anois. Tá gairdíní atá leagtha amach go foirmiúil agus go geoiméadrach taobh ó thuaidh den teach. Tá gairdín imfhálaithe cistine de chuid an 17ú céad a ndearnadh athchóiriú air le gairid le Caisleán Phort Omna anois. Cuireadh crainn torthaí, bláthanna, luibheanna agus glasraí sa ghairdín orgánach faoi mar a bhí sa bhunphlean agus is breá an boladh a bhíonn astu go léir le chéile. Tá na gnéithe is díol spéise sa bhaile le fáil go háitiúil thart timpeall ar Chaisleán Phort Omna - Loch Deirgeirt, An tSionainn agus Páirc Foraoise Phort Omna.
Suíomh: Baile Phort Omna - cóngarach don loch, don tSionainn agus do Pháirc Foraoise Phort Omna
Bealach(Bealaí) Busanna: Téigh i dteagmháil leis an Ionad Taistil, Bus Éireann +353 1 8366111
Turais Threoraithe:
An líon is airde: 30
Fad ama: 45 nóiméad
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Béarla, Gearmáinis
Ócáidí Séasúracha: Seiceáil roimh ré; úsáid na sonraí teagmhála thuas, le do thoil
An gceadaítear Fótagrafaíocht / Físeán: Ceadaítear. Tá cead ag teastáil más le haghaidh tráchtála
Faisnéis Bhreise: Rochtain theoranta chuig an gcaisleán do chuairteoirí faoi mhíchumas