Reilig Chnoc an Arbhair
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Cnoc an Arbhair, Baile Átha Cliath 7
Uimhir Theileafóin: +353 1 821 3021
Facs: Níl
Ríomhphost: superintendent.park@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
An bhliain ar fad
Luan - Aoine 08.00 - 16.00
Satharn 11.00 - 16.00
Domhnach 09.30 - 16.00
Meánfhad Cuairte: 30 - 45 nóiméad
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Saoráidí: Níl
Bialann/Seomraí Tae: Níl
Is sa reilig mhíleata i gCnoc an Arbhair atá ceithre dhuine dhéag de chinnirí Éirí Amach 1916 a lámhachadh adhlactha. Ina measc tá Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile agus an Maor Seán Mac Giolla Bhríde. Lámhachadh na cinnirí i bPríosún Chill Mhaighneann agus adhlacadh iad ina dhiaidh sin i gCnoc an Arbhair.
Tá a gcuid uaigheanna thíos faoi chnocán íseal ar ardán de chloch eibhir Chill Mhantáin san áit a mbíodh clós an phríosúin tráth. Tá falla aolchloiche thart ar na huaigheanna agus a gcuid ainmneacha greanta air i nGaeilge agus i mBéarla. Tá plaic ar fhalla an phríosúin trasna ó na huaigheanna ar a bhfuil ainmneacha na ndaoine a maraíodh i 1916.
Is í an Roinn Cosanta a thugann aire do Shéipéal an Chroí Ró-Naofa atá in aice láimhe agus is é sin séipéal phríosún Chnoc an Arbhair. Tá an tseanreilig ar chúl an tséipéil, agus tá coirp phearsanra míleata na Breataine a bhásaigh i gceantar Bhaile Átha Cliath sa 19ú haois agus i dtús an 20ú haois adhlactha ansin.
Tá doras in aice le cuimhneachán 1916 a thugann isteach tú go dtí teach agus gairdín cuimhneacháin Iarshaighdiúirí na Náisiún Aontaithe.
Tá Cnoc an Arbhair suite ar chúl Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin.
Suíomh: Ar chúl Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7.
Busbhealaí: Uimhreacha 37, 38, 39 ó lár na cathrach.
Turais Threoraithe: Níl
Bileog Eolais/Treoirleabhar: Níl
Imeachtaí Séasúracha: Úsáid na sonraí teagmhála thuas le haghaidh seiceáil roimh ré, le do thoil
Grianghrafadóireacht / Déanamh Físeán Ceadaithe: Tá, ach cead riachtanach chun críocha tráchtála.