Caisleán Deasmhumhan
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Sráid Chorcaí, Cionn tSáile
Guthán: +353 21 477 4855
Facs: Níl ar fáil
Ríomhphost: desmondcastle@opw.ie
Láithreán Gréasáin: www.desmondcastle.ie (tá Cumann na
Fíona i bhfeighil air)
Uaireanta Oscailte
Lár Aibreáin-Deireadh Fómhair: Gach lá, 10.00 18.00
Cead Isteach Deireanach: 45 nóiméad roimh am dúnta
Táillí Isteach
Duine Fásta: 2.90
Grúpa & Seanóir: 2.10
Leanbh/Mac Léinn: 1.30
Teaghlach : 7.40
Áiseanna
Taispeántas le treoracha air
Bialann/Seomraí Tae: Níl ar fáil
Thóg Iarla Deasmhumhan Caisleán Deasmhumhan timpeall 1500. Is sampla maith é an caisleán de thúrtheach uirbeach, ina bhfuil daingean trí stór le stórais ag an gcúl. Tógadh é ar dtús mar theach Custaim, ach dfheidhmigh an caisleán mar phríosún sa 18ú haois freisin (tugtar an Príosún Francach air go háitiúil), stóras ordanáis le linn Chath Chionn tSáile (1601) agus teach na mbocht le linn an Ghorta Mhóir. Faoi thús an 20ú haois, bhí caisleán Deasmhumhan meathlaithe. Ainmníodh mar Shéadchomhartha Náisiúnta é i 1938. Ó bhliain 1997, tá Iarsmalann Idirnáisiúnta na Fíona suite sa chaisleán. Déanann an taispeántas seo cur síos ar stair shuimiúil naisc fíona Éireann leis an Eoraip agus leis an domhan uile.
Suíomh: I mbaile Chionn tSáile, 300 méadar ó
stáisiún na nGardaí (na Póilíní) ar shráid Chorcaí. Gar do Mhainistir na
gCairmilíteach.
Busbhealach/Busbhealaí: Déan teagmháil le hIonad Taistil Bus Éireann + 353 1 8366111
Meánfhad na Cuairte: 45 nóiméad
Turais Treoraithe:
Uasmhéid daoine: 20
Fad ama:
30 nóiméad
Bileog/Treoirleabhar:
Béarla, Gaeilge, Fraincis,
Spáinnis, Polainnis
Imeachtaí Séasúracha: Déan iad a sheiceáil roimh ré trí
leas a bhaint as na sonraí teagmhála thuas
Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe: Tá sé
ceadaithe, ach ní mór ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála
Eolas breise: Ní mór dul suas céimeanna chun rochtain a
fháil ar an gcaisleán