Caisleán agus Aireagal Ghallarais
Sonra�� Teagmh��la
Seoladh: Gallarus, Baile na
nGall, Co. Chiarraí
Uimh. Theileafóin: +353 66 915 6444/915
6371 (Ionad an Bhlascaoid)
Uimh. Fhacs: +353 66 915 6444 (Ionad
an Bhlascaoid)
R-phost: micheal.demordha@opw.ie
Suíomh Gréasáin: Dada
Uaireanta Oscailte
Caisleán: 1 Meitheamh - Lúnasa
An turas deireanach uair an chloig sula
ndúntar
Aireagal: 1 Meitheamh – 30 Meán Fómhair
An turas deireanach uair an chloig
sula ndúntar
T��ill�� Isteach
Saor ó Tháille
��iseanna
Caisleán Ghallarais
Páirceáil
do chuairteoirí atá faoi mhíchumas amháin (ag an gCaisleán).
Aireagal Ghallarais
Páirceáil an-teoranta. Tá
carrchlós príobháideach ar fáil in aice leis an Aireagal agus soláthraítear
áiseanna eile ann chomh maith. Tá táille ar na háiseanna seo a úsáid.
Caisleán Ghallarais
Thóg na Gearaltaigh é agus is dócha go mbaineann sé leis an 15ú haois. Tá sé ar cheann den mbeagán caisleán atá fós ar leithinis Chorca Dhuibhne Daingin. Is túr cheithre urlár é le síleáil bhogtha ar an gceathrú urlár, ní mhaireann aon cheann de na forbhallaí.
Déanadh obair chaomhnaithe ar an
gcaisleán le blianta beaga anuas agus tá lánrochtain ar an taobh istigh. Bhí rochtain i dtosach báire ar an dara urlár
agus bhí struchtúr cosanta dhá urlár chun tosaigh atá imithe anois ach is
féidir rian de a fheiceáil ar an mballa seachtrach.
Tá rochtain teoranta ann do
chuairteoirí atá faoi mhíchumas. Níl carrpháircáil ag an suíomh.
Suíomh: 10km ón Daingean (R559)
Turais faoi Threoir: Rochtain trí thuras
faoi threoir amháin
Aireagal Ghallarais
Ceann de na comharthaí fearann is cáiliúla i gCorca Dhuibhne agus tá sé suite in aice le Caisleán Ghallarais. Is de chloch atá an tAireagal déanta ina iomláine agus deirtear go bhfuil dealramh aige le bád lena bhéal faoi. Tá roinnt dátaí luaite don tráth inar tógadh é ach níl dáta cruinn ar fáil. Tá sé dea-chaomhnaithe agus tá roinnt déantán seandálaíochta le fáil ar an bhfearann timpeall an Aireagail. Coimeádann an OOP an tAireagal agus an fearann ina thimpeall go cúramach.
Suíomh: 10km ón Daingean (R559)
Turais faoi Threoir: Turais
an OOP ar an láthair i rith an tséasúir.
