Daingean Shéarlais
Sonra�� Teagmh��la
Seoladh: Summer Cove, Cionn tSáile, Co.
Chorcaí
Guthán: +353 021 477 2263
Facs: +353 21 477 4347
ríomhphost: charlesfort@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ar fáil
Uaireanta Oscailte
Samhain-Lár
an Mhárta: Gach lá, 10.00 – 17.00
Lár an Mhárta-Deireadh
Fómhair: Gach lá, 10.00 – 18.00
Cead Isteach Deireanach: 45 nóiméad roimh am dúnta
Meánfhad na Cuairte: 1 Uair an Chloig
T��ill�� Isteach
Duine Fásta: € 3.70
Grúpa & Seanóir: € 2.60
Leanbh / Mac Léinn: € 1.30
Teaghlach : € 8.70
��iseanna
Ionad Taispeántais; leithris, leithris do
chuairteoirí faoi mhíchumas
Bialann/Seomraí Tae: Lár an Mhárta - Bealtaine- An
deireadh seachtaine amháin
&
Deireadh Fómhair
Meitheamh –
Meán Fómhair – Gach lá.
Suíocháin -
50
Is sampla iontach de dhún
réaltchruthach ó chuid dheireanach an 17ú haois é Daingean Shéarlais. Creidtear
gur dhear William Robinson, ailtire an Ospidéil Ríoga i gCill Mhaighneann,
Baile Átha Cliath, agus Ceannfort na nDaingnithe, an dún seo. Agus é ar cheann
de na hionaid mhíleata is mó sa tír, bhí baint ag Daingean Shéarlais le roinnt
de na heachtraí is tábhachtaí i stair na hÉireann. Na heachtraí is mó a raibh
baint aige leo ná Cogadh Rí Liam 1689-91 agus an Cogadh Cathartha 1922-23. Ainmníodh
Daingean Shéarlais mar Shéadchomhartha Náisiúnta i 1973. Trasna an inbhir, tá
Dún Rí Shéamuis, a dhear Paul Ive i 1602.
Suíomh: 3km ó Chionn tSáile [cas ón mbóthar idir Corcaigh agus Cionn tSáile (R600) 2km ón mbaile]
Turais Treoraithe:
Uasmhéid daoine: 40
Fad ama:
1 uair an chloig
Bileog/Treoirleabhar: Béarla, Gaeilge, Fraincis,
Gearmáinis, Spáinnis, Ollainnis, Iodáilis, Polainnis
Imeachtaí Séasúracha: Déan iad a sheiceáil roimh ré trí
leas a bhaint as na sonraí teagmhála thuas
Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe: Tá sé
ceadaithe, ach ní mór ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála
Eolas breise: Moltar do chuairteoirí bróga oiriúnacha a chaitheamh mar thoradh ar an talamh neamhchothrom. Tá cosc iomlán ar shiúl/seasamh ar bharr na mballaí (uchtbhallaí). Ní mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta i gcónaí. Rochtain pháirteach ag cuairteoirí faoi mhíchumas. Tá an t-ionad taispeántais go hiomlán inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas.
