Teach Mhucrois agus na Gairdíní
Sonraí Teagmhála
Seoladh:
Teach Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, Mucros,
Cill Airne, Co. Chiarraí.
Uimhir
Theileafóin: +353 64 70144
Uimhir
Facs: +353 64 39192
Suíomh
Gréasáin: www.muckross-house.ie
Uaireanta Oscailte
Samhain
Lár mhí an Mhárta: Go laethúil, 09.00 17.30
Lár mhí an
Mhárta Meitheamh: Go laethúil, 09.00
18.00
Iúil &
Lúnasa: Go laethúil, 09.00
19.00
Meán
Fómhair & Deireadh Fómhair: Go
laethúil, 09.00 18.00
Tabhair
faoi deara nach bhfuil cead isteach 60 nóim roimh am dúnta. Ní mór do gach grúpa deichniúir nó níos mó ná
deichniúr áit a chur in áirithe roimh ré.
Dúnta ar
feadh seachtain amháin ag an Nollaig.
Bíonn Oifig
Eolais Theach Mhucrois ar oscailt ar feadh na bliana.
Bíonn Oifig
Eolais Theach an Gheata, Teach Chill Airne ar oscailt gach lá ó dheireadh an
Mheithimh go lár Mheán Fómhair, 09.00 --18.30.
Táillí Isteach
Duine Fásta: 5.75
Grúpa agus Seanóir: 4.50
Leanbh/Dalta scoile: 2.35
Ráta teaghlaigh: 14.50
Áiseanna
Saoráidí:
Taispeántais, leithris, leithris do dhaoine faoi mhíchumas, gairdíní,
ceardlann, cosáin faoi chomharthaí, áit pháirceála do charranna agus busanna. Rochtain
uilíoch agus ardaitheoir chomh maith.
Bialann/Seomraí
Tae: Bialann le ceadúnas fíona
Suíocháin:
170
Tá Teach
Mhucrois lonnaithe istigh i bPáirc Náisiúnta Chill Airne - teach mór breá
Victeoiriach agus ceann de thithe maorga na hÉireann. Léiríonn na seomraí atá feistithe faoi
throscán galánta an chaoi ar mhair na mionuaisle talún agus tá blaiseadh le
fáil thíos staighre san íoslach de na coinníollacha oibre a bhí ag na
searbhóntaí a bhí fostaithe sa Teach. Tá
cáil ar áilleacht Ghairdíní Theach Mhucrois ar fud fad na cruinne. Tá
cáil orthu go háirithe as na tiomsacháin bhreátha dasáilianna agus de ródaideandróin
chomh maith le gairdín uisce atá breá fairsing agus le carragán fíorálainn atá
greanta as aolchloch nádúrtha. Oibríonn
roinnt oibrithe ceirde oilte i dTeach Mhucrois leis agus is féidir iad seo a fheiceáil
i mbun oibre agus scileanna traidisiúnta cheirdeanna na fíodóireachta, an
leabharcheangail agus na potaireachta á n-úsáid acu sa ghairdín imfhálaithe atá
in aice láimhe.
Rochtain
iomlán do chuairteoirí faoi mhíchumas.
Bainistithe
i gcomhar le hIontaobhaithe Theach Mhucrois.
Féach
freisin Feirmeacha Traidisiúnta Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne,
Mainistir Mhucrois agus Caisleán an Rois.
Suíomh: 6.5km ó
Chill Airne ar an N71 (Bóthar an Neidín)
Turais
Threoraithe: Cead isteach ar thuras treoraithe amháin
An líon is
airde: 35
Fad ama: 55
nóiméad
Bileog
eolais/ Leabhar treorach: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis,
Spáinnis agus Ollainnis.
Taispeántas
Closamhairc: Sliabh, Adhmad, Uisce
Suíocháin:
70
Fad ama: 20
nóiméad
Teanga:
Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis