Caisleán Bhaile Átha an Rí
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Baile Átha an Rí, Co. na
Gaillimhe
Uimhir Theileafóin: +353 91 844797
Facs: +353 91 845796
Ríomhphost: athenrycastle@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
Cáisc go Meán Fómhair: Gach lá, 10.00 18.00
Deireadh Fómhair: Gach lá, 10.00
17.00
Cead isteach deiridh: 45 nóiméad roimh am dúnta
Meánfhad Cuairte: 1 uair
Táillí?? Isteach
Duine Fásta: EUR 2.90
Grúpa & Seanóirí: EUR 2.10
Leanbh / Mac léinn: EUR 1.30
Teaghlach: EUR 7.40
Áiseanna
Saoráidí: Taispeántas, bus/carrchlós
in aice leis an láthair, leithris
Bialann/Seomraí Tae: Níl
Tá Baile Átha an Rí ar cheann de na
bailte múrtha meánaoiseacha is tábhachtaí atá fágtha in Éirinn, agus bunaíodh é
nuair a thóg Meiler de Bermingham a chaisleán ansin c.1250. Is é an halladhaingean an chuid is sine den
chaisleán. Is foirgneamh mór cearnógach é nach bhfuil ann ach halla ar an gcéad
urlár agus seomraí dorcha stórais dorcha thíos faoi. Le spreacadh breise a chur
faoi, tá fána amach le híochtar an fhalla, cuma ar a dtugtar bataire.
Ag leibhéal na
talún a bhí an t-aon bhealach amháin isteach ann ar dtús agus théití isteach
ann ar staighre adhmaid taobh amuigh, cosúil leis an gceann athchóirithe atá
ann anois. Bhí bealach isteach díreach uaidh sin go dtí an halla, seomra fáiltithe
oifigiúil agus searmanais an chaisleáin. Is sa halla sin a dfháiltíodh an
tiarna roimh aíonna agus tionóntaí agus is ann a bhíodh sé i gceannas ar chúirt
an mhainéir. Is dóigh gur as ciseán tine i lár an halla a thagadh an teas sa
chéad am, agus go dtéadh an deatach amach trí louvre nó oscailt díreach os a
chionn sa díon. Tá an losán nó an leithreas suite go trasnánach trasna ón bpríomhbhealach
isteach go dtí an halla.
Léiríonn an
tsnoíodóireacht bhreá taobh amuigh ar an doras agus taobh istigh de phéire de
na fuinneoga a thábhachtaí is a bhí an halla. Sa stíl áitiúil, ar a dtugtar
Scoil an Iarthair atá na gialla greanta le móitífeanna bláthacha, stíl
idirthréimhseach idir an stíl Rómhánach agus an stíl Ghotach. Ó dheireadh an
12ú haois agus ó thús an 13ú haois an stíl sin agus tá sí le fáil freisin sna
mainistreacha i gConga, i mBaile an Tobair agus i Mainistir na Búille.
Ón 13ú haois na
forbhallaí bunaidh agus tá lúba arda nó scoilteanna le haghaidh na saighead sna
meirilí nó sna codanna soladacha. Sa 15ú haois, cuireadh beanna a raibh
claonadh an-ghéar orthu ó thuaidh agus ó dheas ar na huchtbhallaí sin le
haghaidh díon nua a chur ag an leibhéal seo. Tá cuid de chéad bhalla imfhá1)laithe an chaisleáin ansin fós.
Tá rochtain ag cuairteoirí faoi mhíchumas ar urlár talún an chaisleáin
Suíomh: I lár Bhaile Átha an Rí (Baile
Oidhreachta)
Busbhealaí: Téigh i dteagmháil le Bus Éireann, Ionad Taistil
+353 1 8366111
Turais Threoraithe:
Ar fáil ar iarratas
Uaslíon: 40
Fad: 45 nóiméad
Bileog Eolais/Treoirleabhar: Béarla agus Gearmáinis
Imeachtaí Séasúracha: Úsáid na sonraí teagmhála sin thuas chun iad a
fhiosrú roimh ré, le do thoil
Grianghrafadóireacht/Déanamh
Físeán ceadaithe: Tá, ach cead riachtanach chun
críocha tráchtála
Eolas Breise:
Léiriú
Closamhairc
Suíocháin do: 50 60
Fad: 20 nóiméad
Teangacha: Béarla.