Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Port Omna, Co. na Gaillimhe
Uimhir Theileafóin: +353 90 9741658
Uimh. Facs: +353 90 9741889
Ríomhphost: portumnacastle@opw.ie
Suíomh gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
13ú Márta go deireadh Dheir.
Fómhair: Go laethúil, 10.00 18.00
Cead isteach deiridh 45 nóiméad roimh am dúnta
Gnáthfhad na Cuairte: 1 uair
Táillí Isteach
Duine Fásta: 2.10
Grúpa agus Seanóir: 1.30
Leanbh/Dalta scoile: 1.10
Teaghlach: 5.80
Áiseanna
Taispeántais, gairdíní, carrchlós poiblí cóngarach don suíomh
Bialann/Seomraí Tae: Bialann/ seomra tae áitiúil i
bhfoisceacht cúpla coiscéim
Thóg Risteárd de Búrca nó de Burgo, 4ú Iarla Chlann Riocaird an teach mór leathdhaingnithe seo i bPort Omna roimh 1618. Ba é príomhionad cumhachta theaghlach de Burgo é ar feadh breis is 200 bliain go dtí gur scrios tine é sa bhliain 1826. Tá urlár na talún ar oscailt don phobal anois. Tá gairdíní atá leagtha amach go foirmiúil agus go geoiméadrach taobh ó thuaidh den teach. Tá gairdín imfhálaithe cistine de chuid an 17ú céad a ndearnadh athchóiriú air le gairid le Caisleán Phort Omna anois. Cuireadh crainn torthaí, bláthanna, luibheanna agus glasraí sa ghairdín orgánach faoi mar a bhí sa bhunphlean agus is breá an boladh a bhíonn astu go léir le chéile. Tá na gnéithe is díol spéise sa bhaile le fáil go háitiúil thart timpeall ar Chaisleán Phort Omna Loch Deirgeirt, An tSionainn agus Páirc Foraoise Phort Omna.
Suíomh: Baile Phort Omna cóngarach don
loch, don tSionainn agus do Pháirc Foraoise Phort Omna
Bealach(Bealaí) Busanna: Téigh i
dteagmháil leis an Ionad Taistil, Bus Éireann +353 1 8366111
Turais Threoraithe:
An líon is airde: 30
Fad ama: 45
nóiméad
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Béarla,
Gearmáinis
Ócáidí Séasúracha: Seiceáil
roimh ré; úsáid na sonraí teagmhála thuas, le do thoil
An gceadaítear Fótagrafaíocht /
Físeán: Ceadaítear. Tá cead ag teastáil más le haghaidh tráchtála
Faisnéis Bhreise: Rochtain
theoranta chuig an gcaisleán do chuairteoirí faoi mhíchumas