Toise Téacs:

Coole Park

Páirc an Chúil

Sonra�� Teagmh��la

Seoladh: Páirc an Chúil, An Gort, Co. na Gaillimhe
Guthán:  +353 91 631804
Facs:     +353 91 631653
Ríomhphost: info@coolepark.iecoolepark@environ.ie
Láithreán Gréasáin:  www.coolepark.ie

Uaireanta Oscailte

Tá an pháirc ar oscailt ar feadh na bliana

Aibreán - Bealtaine: Gach lá, 10.00 – 17.00
Meitheamh - Lúnasa: Gach lá, 10.00 – 18.00
Meán Fómhair: Gach lá, 10.00 – 17.00

Dúnta don deireadh seachtaine deireanach de mhí Mheán Fómhair do Thionól bliantúil an Fhómhair
Tá an cead isteach deireanach chuig an ionad 15 nóiméad roimh am dúnta
Tá an cead isteach deireanach chuig láithreoireachtaí 1 uair an chloig roimh am dúnta
Tá an pháirc ar oscailt ar feadh na bliana                                  
Meánfhad na Cuairte: 1 - 2 uair an chloig

T��ill�� Isteach

Saor in aisce

��iseanna

Clós páirceála do ghluaisteáin/busanna, leithris, lena n-áirítear leithris do chuairteoirí faoi mhíchumas, conairí ar a bhfuil treoracha, boird phicnice sa ghairdín, láithreoireachtaí ilmheán, rogha bheag de leabhair ábhartha, bileoga agus cártaí poist.

Bialann/Seomraí Tae: Siopa caife, lóin te agus bácáil bhaile
Cuir glaoch ar:+353 91 631669 chun lón a chur in áirithe roimh ré

Uair amháin, bhí Lady Gregory, drámadóir, béaloideasóir, agus comhbhunaitheoir Amharclann na Mainistreach i gcomhar le William Butler Yeats agus Edward Martyn, ina cónaí i bPáirc an Chúil, atá ina hanaclann dúlra anois. Thug Yeats, Shaw, Synge agus O’Casey, i measc eile, cuairt uirthi chun sult a bhaint as draíocht na háite; tá a n-inisealacha breactha ar Chrann na Síniúchán. Tá na Seven Woods a cheiliúir Yeats ar chuid de chonair dhúlra ar a bhfuil coillte, an abhainn, turlach, aolchloch lom agus loch an Chúil.

Tá díol spéise ann cosúil le hIonad Cuairteoirí le láithreoireachtaí ilmheán agus seomraí tae, agus tá siad go hiomlán inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas.

Suíomh:  3km ó thuaidh ón nGort ar an mbóthar N18 ó Ghaillimh go Luimneach

Busbhealaí: Stopann busanna ó Ghaillimh go Luimneach sa Ghort. Is féidir tacsaí a fháil nó siúl ón nGort – tá an pháirc dhá mhíle ón nGort.

Turais Treoraithe:   
Uasmhéid daoine: Do ghrúpaí a chuireann turais in áirithe amháin
Fad ama:  40 nóiméad - 1 uair an chloig.

Bileog/Treoirleabhar: Treoir Conairí agus Léarscáil as Béarla

Imeachtaí Séasúracha: Féach ar an láithreán gréasáin le sonraí a fháil. Eagraítear imeachtaí le linn Sheachtain na Bithéagsúlachta (Bealtaine) agus le linn na Seachtaine Oidhreachta (deireadh Lúnasa).  Eagraítear gníomhaíochtaí do leanaí agus siúlóidí Domhnaigh i mí Iúil agus mí Lúnasa.  Tá clár geimhridh d’imeachtaí oideachais, oidhreachta agus cultúrtha ann freisin.

Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe: Tá sé ceadaithe – sa pháirc. Ní cheadaítear grianghraif a thógáil de na láithreoireachtaí. Tá cosc ar ghrianghrafadóireacht tráchtála ach amháin le comhaontú roimh ré leis an mbainistíocht.

Eolas breise: Tada

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< September 2008 >
S M T W T F S
31 1 2 3 4 5 6
7 8 9 10 11 12 13
14 15 16 17 18 19 20
21 22 23 24 25 26 27
28 29 30 1 2 3 4
day | week | month


Cuardaigh an láithreáin

Uirlisí

  • Print this page
  • Bookmark this page