Páirceanna Céide
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Baile
an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Guthán: +353 96 43325
Facs: +353
96 43261
Ríomhphost: ceidefields@opw.ie
Láithreán Gréasáin: museumsofmayo.com
Uaireanta Oscailte
Lár an Mhárta
- Bealtaine: Gach lá, 10.00 17.00
Meitheamh Meán Fómhair: Gach lá, 10.00
18.00
Deireadh
Fómhair Samhain: Gach lá, 10.00 17.00
Turas
deireanach 1 uair an chloig roimh am dúnta
Míonna an gheimhridh is féidir
áirithintí a dhéanamh do ghrúpaí
Táillí?? Isteach
Duine Fásta 3.70
Seanóir 2.60
Leanbh 1.30
Teaghlach 8.70
Áiseanna
Páirceáil,
rochtain ar láithreoireacht chlosamhairc agus taispeántais ar an mbunurlár,
leithris do chuairteoirí faoi mhíchumas. Taispeántais as Béarla agus as Gaeilge
Bialann/Seomraí Tae: Tá, suíocháin: 75
Thíos faoi phortaigh fhiáine Thuaisceart Mhaigh Eo tá Páirceanna Céide, an séadchomhartha Clochaoise is mó ar domhan ina bhfuil córais pháirceanna, limistéir chónaithe agus tuamaí meigiliteacha. Tá na páirceanna, atá fálaithe ag ballaí cloiche agus a chumhdaíonn na mílte acra, beagnach 6,000 bliain daois, agus mar sin is iad na páirceanna aitheanta is ársa ar domhan. Tá siad clúdaithe ag bratphortach nádúrtha lena chuid fásra agus fiadhúlra uathúil féin. Tá roinnt duaiseanna buaite ag an Ionad Cuairteoirí, lena n-áirítear an Bonn Ór don ailtireacht. Tá sé suite in aice le roinnt de na haillte agus foirmíochtaí carraige is suntasaí in Éirinn, agus tá ardán amhairc ar imeall na haille 110m in airde.
Moltar do chuairteoirí éadaí a chaitheamh chun iad a chosaint ón aimsir agus bróga a chaitheamh atá oiriúnach don siúl ar thalamh neamhchothrom.
Suíomh: 8km siar ó Bhaile an Chaisil ar an
R314