Toise Téacs:

Glenveagh National Park and Glenveagh Castle

Páirc Náisiúnta agus Caisleán Ghleann Bheatha

Sonraí Teagmhála

Seoladh: Churchill, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Uimh. Theileafóin: +353 74 91 37090
Uimh. Fhacs: +353 74 91 37072
R-phost: Dada
Suíomh gréasáin:  www.glenveaghnationalpark.ie

Uaireanta Oscailte

Ó cheann ceann na bliana: Go Laethúil  10.00 - 18.00                                             
An cead deireanach isteach ar 17.00 

Meánfhad Turais: 3 - 4 uaire an chloig.

Táillí?? Isteach

Caisleán
Duine Fásta: €3.00
Grúpa & Seanóir: €2.00
Páiste/Mac Léinn: €1.50
Ráta Teaghlaigh: €7.00
Praghsanna Bus: €2.00
Lamháltas: €1.00

Tá rochtain in aisce ar an bPáirc agus ar Ionad na gCuairteoirí.

Áiseanna

Taispeántais, leithris, leithris do chuairteoirí atá faoi mhíchumas, carrchlós do charranna agus do bhusanna, rianta féintreoracha, gairdíní.  Seirbhís tointeála bus go dtí an caisleán (€2.00 fillte)

Bialann/Seomraí tae: Seomra Tae (Caisleán) – oscailte ó cheann ceann na bliana.  Uaireanta oscailte laghdaithe sa gheimhreadh.
Acmhainn Suite:  Seomra Tae (Caisleán): 50
Bialann (Ionad Cuairteoirí) – Oscailte um Cháisc - deireadh Mheán Fómhair
Acmhainn Suite:  Bialann (Ionad Cuairteoirí): 90

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Suas le 16,540 heachtár (40,873 acra) de chnoic, lochanna, gleannta agus coillte, le tréad fia rua. Caisleán de chineál Albanach a bhfuil ceann de na gairdíní is fearr in Éirinn ina thimpeall, atá i gcodarsnacht leis an timpeallacht gharbh. In Ionad na gCuairteoirí tá taispeántais agus léiriúchán closamharc.  Tá lánrochtain ar Ionad na gCuairteoirí do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Caisleán Ghleann Bheatha

Tógadh an caisleán sna blianta 1870 – 1873, agus is é atá ann ná daingean dronuilleogach ceithre urlár. Rochtain ar an taobh istigh trí thuras amháin. Bíonn tae ar fáil ar maidin agus tráthnóna i seomraí tae an chaisleáin i rith an tséasúir.  Tá beagán rochtana ag daoine atá faoi mhíchumas ar an gcéad urlár den chaisleán.

Suíomh: 24km siar ó thuaidh ó Leitir Ceanainn. Cill Mhic Réanáin/Tearmon go Bóthar Dhún Lúiche nó Churchill go Bóthar Dhún Lúiche

Turais faoi Threoir: Rochtain ar an gCaisleán trí thuras faoi threoir amháin
(Ní cheadaítear físeáin/ceamaraí ar thuras)
Uasmhéid: 20
Aga: 35 nóiméad 

Taispeántas Closamharc: “Gleann Bheatha”
Acmhainn Suite: 90
Aga: 25 nóiméad
Teangacha: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis agus Iodáilis 

Bileog/Leabhrán Treorach: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Ollainnis agus Spáinnis

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< November 2008 >
S M T W T F S
26 27 28 29 30 31 1
2 3 4 5 6 7 8
9 10 11 12 13 14 15
16 17 18 19 20 21 22
23 24 25 26 27 28 29
30 1 2 3 4 5 6
day | week | month


Cuardaigh an láithreáin

Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo