An Casino, Marino
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Corrán Chnocán na Silíní, le hais Bhóthar
Mhullach Íde, Marino, Baile Átha Cliath 3.
Uimhir Theileafóin: +353 1 8331618.
086-6062729
Facs: +353 1 8332636
Ríomhphost: casinomarino@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
29 Aib - 27 Deir. Fómhair: Gach Lá 10.00 - 17.00
Am deiridh iontrála 45
nóiméad roimh an am dúnta.
Is féidir turais a fháil chuig an suíomh le haghaidh
grúpáirithintí sa seachshéasúr ach iad a shocrú roimh ré. Cuir glaoch ar na
huimhreacha thuas luaite.
Meánfhad Cuairte: uair an chloig
Táillí Isteach
Duine Fásta: €3.00
Grúpaí & Daoine Scothaosta: €2.00
Leanbh / Mac Léinn: €1.00
Ráta Clainne: €8.00
Áiseanna
Leithreas, carr/buschlós
Bialann/Seomraí Tae: Níl
Is é Sir William Chambers a dhear an Casino mar theach pléisiúir do James Caulfield, an chéad Iarla ar Charlemont. Tá sé ar cheann de na foirgnimh nuachlasaiceacha is galánta san Eoraip ón 18ú céad. Ciallaíonn Casino "teach beag" agus is díol suntais é do dhaoine go bhfuil 16 sheomra ann atá maisithe go galánta, ina bhfuil saibhreas domhain fíneáltachta agus deartha. Is foirgneamh dochreidte é - i dtéarmaí struchtúir agus staire araon.
Tá an Casino suite in Marino, le hais Bhóthar Mhullach Íde agus níl sé ach trí mhíle ó thuaidh de lár Bhaile Átha Cliath.
Suite: 5 chiliméadar ó thuaidh de Lár na Cathrach. Ó Fhionnradharc go Bóthar Mhullach Íde. An chéad chasadh ar chlé i ndiaidh Ascaill Uí Ghríofa (i ndiaidh Cheanncheathrú Oiliúna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath) isteach go Corrán Chnocán na Silíní. Téann geataí móra ar do chlé isteach chuig na tailte.
Dart: Is siúlóid 20 nóimeád é ó stáisiún Chluain
Tarbh.
Bealaí Bus: 20B, 27, 27B ó Ché Éidin. 42, 42A, 42B ó Shráid
na Mainistreach Íochtarach.
Tagann deireadh le Bus
123 Imp ó Shráid Uí Chonaill ag Ascaill Uí Ghríofa. Ansin, lean na treoracha
thuas.
Turais Threoraithe: Cead isteach le turas
treoraithe amháin
Uasmhéid: 16
Fad: 45 nóiméad
Bileog Eolais/Treoirleabhar: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis
agus Spáinnis
Imeachtaí Séasúracha: Déan seic roimh ré le do thoil, ag baint úsáide
as na sonraí teagmhála thuas
Grianghrafadóireacht /
Físeáin ceadaithe: Níl
Eolas Breise:Téitear isteach ar an
staighre.
D'fhonn na hurláir iontlaise a chosaint ní bheidh cead ag
cuairteoirí bróga a chaitheamh, cuirfear cumhdaigh cos ar fáil saor in aisce.
Tabhair ar aird go mbeidh an Casino dúnta le linn Nollaig
07 agus Eanáir 08 chun é a chothabháil agus a athdheisiú.