Áras an Uachtaráin
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8
Uimh. Theileafóin:
+353 1 670 9155
Glaoch ar chostas áitiúil: 1890 430 430
Facs: +353 1 679
7831
Ríomhphost: info@dublincastle.ie
Láithreán Gréasáin: www.president.ie
Uaireanta Oscailte
Satharn amháin
Samhradh 10.15 -
16:00
Geimhreadh 10.30
- 15:30
Dúnta: 24 - 27 Nollaig.
Meánfhad Cuairte:
1 uair
Táillí Isteach
Dáiltear na ticéid saor in aisce ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ar an lá, ar bhonn tosaíochta do na chéad daoine a thagann. Ní cheadaítear grúpaí agus/nó áirithintí roimh ré.
Áiseanna
Bialann/Seomraí Tae:
Tá bialann i ngairdín Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce.
Imeachtaí Séasúracha: Níl
Bhí
stair spéisiúil ag baint le hÁras an Uachtaráin sula ndearnadh Áit Chónaithe
Oigifiúil an Uachtaráin de. Tógadh é sa bhliain 1751 agus tá sé suite i bPáirc
an Fhionnuisce a bhfuil 1,752 acra inti. Ba é an Maor Páirce Nathaniel Clements
a thóg an chéad teach ansin. Faoin mbliain 1782 ba le Fir Ionaid an Rí, a
dhéanadh riail Shasana a mhaoirsiú in Éirinn, an teach.
Bhí an teach mar áit chónaithe oifigiúil ag na
Fir Ionaid go dtí 1922.
Le linn an chuid is mó de thréimhse an Rialtais Dhúchais a lean, ba é a bhí mar áit chónaithe ag Seanascal Shaorstát Éireann, ionadaí na Corónach le linn na dispeansáide nua. Rinneadh Áras Cónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann de i 1938 agus d’fhan sé amhlaidh ó shin.
Busbhealaí: Bus Uimh. 37, 38 (ó Shráid na Mainistreach Íochtarach), 39 (ó Shráid na Mainistreach Láir) go dtí Geata Bhaile an Ásaigh, siúil thart ar 190 méadar go dtí T-acomhal agus cas ar chlé, siúil ar feadh tuairim is 10 nóiméad go sroichfidh tú an foirgneamh ar do láimh chlé, tabharfaidh an cosán ar do láimh dheis tú i dtreo na gcrann agus geata cúil Chaisleán Bhaile an Ásaigh. Bus Uimh. 10 (ó Shráid Uí Chonaill) go Bóthar na hOtharlainne (bealach isteach an Chuarbhóthair Thuaidh), siúlóid 30 nóiméad ón nGeata.
Turais Threoraithe:
25 cuairteoir ar a mhéid
Fad:
30 nóiméad
10.15 - 16:30 Samhradh
10.30 - 15:30 Geimhreadh
Ionad Coinne na dTuras Treoraithe:
Ionad Cuairteoirí Pháirc an
Fhionnuisce,
Páirc an Fhionnuisce,
Baile Átha Cliath 8.
Uimh. Ghutháin: +353 1 6770095
Facs: +353 1 6726454
Bileog Eolais / Treoirleabhar: Bileog ar
fáil in Ionad Cuairteoirí Bhaile an Ásaigh.
Imeachtaí
Séasúracha:
Grianghrafadóireacht/
Déanamh Físeán Ceadaithe: Níl
Eolas Breise: Ná déan dearmad go bhféadfaí
socruithe cuairteoirí a athrú go tobann, mar a tharlaíonn le gach foirgneamh
Rialtais. Glaoigh roimh ré ar eagla na díomá.
