Caisleán Bhaile Átha Cliath
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Guthán: +353 1 645 8813
Facs: +353 1 679 7831
Ríomhphost: dublincastle@opw.ie
Láithreán Gréasáin: www.dublincastle.ie
Uaireanta Oscailte
An
bhliain ar fad: Luan - Aoine, 10.00 - 16.45
Satharn,
Domhnach agus Laethanta
Saoire Bainc 14.00 - 16.45
*Dúnta
24-27 agus 31 Nollaig, 1 Eanáir agus Aoine an Chéasta.
Féadfaidh
na Seomraí Stáit a bheith dúnta uaireanta le haghaidh ócáidí Stáit.
Cead
isteach deireanach ag 16.45
Tabhair faoi deara gur láithreán an-ghnóthach é seo, agus is minic a
dhíoltar na ticéid dheireanacha cuid mhaith roimh uair an cheada isteach
dheireanaigh.
Táillí Isteach
Duine Fásta: €4.50
Mac Léinn/Seanóir: €3.50
Leanbh (faoi bhun12): €2.00
Áiseanna
Siopa
ceardlainne, leithris, leithris do chuairteoirí faoi mhíchumas
Bialann/Seomraí Tae: Siopa Caife agus
Bialann
Suíocháin: 90
Tógadh an caisleán seo ar dtús sa 13ú haois, ar láithreán ar a raibh lonnaíocht Lochlannach roimhe sin, agus d’fheidhmigh sé mar dhaingean míleata, príosún, státchiste, cúirteanna dlí agus mar shuíomh an Riaracháin Shasanaigh in Éirinn ar feadh 700 bliain. Atógadh é sa 17ú, 18ú, 19ú agus 20ú haois, agus anois úsáidtear Caisleán Bhaile Átha Cliath d’fháiltithe tábhachtacha Stáit agus d’Insealbhú Uachtarán. Tá na Seomraí Stáit, an Siléar, an Siopa Ceardlainne agus an Bhialann ar oscailt do chuairteoirí. (Uaireanta, dúntar Caisleán Bhaile Átha Cliath faoi ghearrfhógra an-ghearr le haghaidh ghnó an Rialtais). Tá na Seomraí Stáit agus an bhialann inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas.
Meánfhad na Cuairte: 1 uair an chloig
Suíomh: Lonnaithe i Lár na Cathrach ar
Shráid an Dáma taobh thiar de Halla na Cathrach, 5 nóiméad de shiúl ó Choláiste
na Tríonóide i dtreo Theampall Chríost
Busbhealaí: 54 (Cé an Bhúrcaigh), 50, 50A, 56A,
77, 77A, 77B (Cé Aston)
Turais Treoraithe: Cead isteach le turas treoraithe amháin
Fad ama: Thart ar 45 nóiméad.
NÍ
MÓR turais do ghrúpaí a chur in áirithe roimh ré
Bileog/Treoirleabhar: Béarla, Gaeilge,
Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis
Eolas breise: Mar thoradh ar chineál an láithreáin i gceist
agus an úsáid a bhaineann an Rialtas as, féadfar socruithe cuairte a chealú
faoi ghearrfhógra nó gan fhógra ar bith.
