Farmleigh
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Páirc
an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 15.
Uimh.
Theileafóin: +353-1-815 5900 / 8155981
Uimh.
Fhacs: +353 1 8155968
R-phost:
farmleighinfo@opw.ie
Suíomh
gréasáin: www.farmleigh.ie
Uaireanta Oscailte
Lár na Márta - Nollaig agus Laethanta Saoire Bainc Déard – Domh agus 10.00 - 18.00
An cead isteach deireanach chuig an Eastát 1 uair agus
15 noiméad sula ndúntar. Tabhair faoi deara go bhfuil gach socrú oscailte faoi
réir é a bheith curtha ar ceal má bhíonn an teach ag teastáil d’úsáid oifigiúil
Rialtais. Cuir glaoch teileafóin roimh ré le do thoil nó téigh go dtí ár suíomh
gréasáin i dtreo is nach mbeidh díomá ort
Meánfhad
Turais: 1 - 3 uaire an chloig.
Táillí Isteach
Saor ó Tháille
Áiseanna
Leithris, Dearadh, Gailearaí Amharcealaíon
agus Ceardaíochta, Páirceáil Charr, rochtain Uilíoch ar an Teach.
Bialann/Seomraí
tae:
Boathouse
Restaurant, Motorhouse Café.
Acmhainn
Suite: 60 – 70
Is eastát é Farmleigh de 78 acra atá suite siar ó thuaidh ó Pháirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Cheannaigh Oifig na nOibreacha Poiblí é thar ceann an Rialtais i Meitheamh 1999 agus déanadh é a fhorbairt d’fhonn cóiríocht a sholáthar d'uaisle a thiocfadh ar cuairt agus d’aíonna an náisiúin, do chruinnithe ardleibhéil Rialtais agus chun taitneamhachta an phobail. Tá Farmleigh ina mhacasamhail sainiúil ar an tréimhse ina raibh sé suas, tréimhse Éadbhaird, nuair a tháinig tionsclóirí saibhre in ionad na n-úinéirí talún mar lucht tógála na dtithe móra in Éirinn. Bhí toighsí eicléictiúla acu, ag meascadh stíleanna éagsúla ailtireachta agus maisithe taobh istigh. Thóg Edward Cecil Guinness an chéad Iarla Iveagh, iaró mic Arthur Guinness, Farmleigh timpeall ar theach Seoirseach níos lú sna 1880dí. Tá a lán de na saothair ealaíne agus den troscán a bhailigh sé do Farmleigh fós sa teach agus iad ar iasacht ag an Stát ó mhuintir Guinness. Tá bailiúchán leabhar, ceangail agus lámhscríbhinní uathúla Benjamin Iveagh sa Leabharlann. Sna tailte móra taitneamhachta tá an-bhailiúchán de ghnéithe maisiúla Victeoireacha agus Éadbhardacha le gairdíní daingne agus suncáilte, siúlóidí sárscéimhe cois locha agus réimse plandaí a sholáthraíonn dearcábhar spéise agus gairneoireachta araon ó cheann ceann na bliana. Tá feirm oibre ar an Eastát freisin ar a bhfuil tréad de “Bha Chiarraí”. Is iad Seirbhísí Bainistíochta Saoráide ag Oifig na nOibreacha Poiblí a dhéanann bainistiú ar Farmleigh.
Suíomh:
5km ó lár Bhaile Átha Cliath, i bPáirc an Fhionnuisce
Bealaí Bus: Glac bus uimhir 37 ó Shráid Háicín go Geata
Chaisleán Chnoca. Téigh isteach sa pháirc agus glac an cosán do choisithe ar
thaobh do láimhe deise. Tá an Teach cúig noiméad déag siúil ó Gheata Chaisleán
Chnoca.
Turais
faoi Threoir:
Rochtain
ar an teach trí thuras faoi threoir amháin.
Uasuimh:
25
Aga:
30 - 45 nóiméad.
Is féidir turais faoi threoir réamháirithinte ar an
teach a shocrú don Déardaoin agus don Aoine amháin; déan teagmháil le do thoil
le fáiltiú Farmleigh ag 01 8155900 chun tuilleadh eolais a fháil.
Bileog/Leabhar Treorach:
Béarla
Imeachtaí
Séasúrtha:
Clár
Cultúrtha an Earraigh Aibreán
- Meitheamh
Clár
Cultúrtha an tSamhraidh Iúil – Deireadh
Fómhair
Clár
Cultúrtha na Nollag Nollaig
Féach
suíomh gréasáin Farmleigh chun sonraí iomlána a fháil.
Fótagrafaíocht
/ Físeán ceadaithe: Ní
cheadaítear sa Teach ná sa Ghailearaí.
Ní cheadaítear
aon Fhótagrafaíocht/Físeán sa Teach ná ar a Thailte
Eolas
Breise: Bíonn an Leabharlann oscáilte do scoláirí agus is
féidir turais speisialta a shocrú ach coinne a dhéanamh leis an Leabharlannaí. Déan teagmháil leis an Leabharlannaí le do thoil ag 01 8155908 chun
tuilleadh eolais a fháil.
