Garraithe Náisiúnta na Luais
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Garraithe
Náisiúnta na Lus, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9
Uimhir Theileafóin: Oifigí +353 1 8040300
Ionad Cuairteoirí agus Áirithintí le haghaidh Turais +353 1 8070909
Uimh. Facs: +353 1 836 0080
Ríomhphost: Áirithintí
le haghaidh Turais; botanicscentre@opw.ie , Eile: botanicgardens@opw.ie
Suíomh gréasáin: www.botanicgardens.ie
Uaireanta Oscailte
Gach lá seachas Lá Nollag
Uaireanta Oscailte an tsamhraidh
Lár mhí Feabhra go
lár mhí na Samhna Go laethúil 09.00 –
18.00
Uaireanta Oscailte an gheimhridh
Lár mhí na Samhna go lár mhí
Feabhra Go laethúil 09.00 – 16.30
Táillí Isteach
Saor in aisce. Táille €2 ar an gcarrchlós.
Áiseanna
Taispeántas closamhairc ar Gharraithe Náisiúnta na Lus ar fáil i
nGaeilge,
Béarla, Fraincis,
Spáinnis, Iodáilis agus Gearmáinis ach é a iarraidh. Fad ama tuairim is 15
nóiméad.
Bialann / Seomraí Tae: Oscailte go laethúil Samhradh 09.00 – 17.00,Geimhreadh 10.00 – 16.00
Bunaíodh
Garraithe Náisiúnta na Lus sa bhliain 1795. Tá clú agus cáil orthu as na
tiomsacháin bhreátha de phlandaí ina bhfuil breis is 17,000 de speicis agus de chineálacha
plandaí as áiteanna ar fud fad na cruinne.
Tá cáil orthu de bharr na ngairdíní áille tírdhreachtaithe agus na
dtithe gloine, go háirithe Raon Cuarlíneach Turner agus Teach na Pailme Móire,
atá athchóirithe go fíor-ornáideach agus plandaí curtha iontu. Bronnadh gradam Europa Nostra ar an dá theach
as sárchaighdeán a bhaint amach san ailtireacht chaomhnaithe. Is féidir le cuairteoirí sásamh a bhaint as
gnéithe mar na ciumhsóga bláthanna, gairdín na rósanna, gairdín na coillearnaí,
na locháin, an carragán, an chrannlann agus gairdín na dtorthaí agus na nglasraí
orgánacha (ar oscailt sa bhliain 2008).
Is é an misean atá ag Garraithe Náisiúnta na Lus a chinntiú go gcaomhnófar agus go gcothófar éagsúlacht phlandaí anseo in Éirinn agus timpeall an domhain. Cuirtear an misean seo i gcrích trí chláir fhairsinge sa ‘bhithéagsúlacht’ san eolaíocht, sa chaomhnú, san oideachas agus sa ghairneoireacht in Éirinn agus thar lear. Tá ról tábhachtach ag caomhnú i saol gharraithe na lus agus is i nGlas Naíon a thugtar aire do bhreis is 400 speiceas de phlandaí, as Éirinn agus as áiteanna ar fud na cruinne, atá i mbaol.
Suíomh: 3.5 km ó
thuaidh ó lár Bhaile Átha Cliath, Bóthar Gharraithe na Lus, Glas Naíon
Bealach(Bealaí)
Busanna: 19, 19A,
13, ó Shráid Uí Chonaill
Turais
Threoraithe :
Fad ama: 1
uair Táille €2
Is cóir
turais a chur in áirithe roimh ré
Turais threoraithe saor in aisce Dé Domhnaigh
ag 12.00, 14.30
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Béarla, Fraincis, Gearmáinis
Ócáidí Séasúracha: Seiceáil roimh ré; úsáid na sonraí teagmhála thuas, le do thoil
An
gceadaítear Fótagrafaíocht / Físeán: Ceadaítear, ach cead
a bheith faighte
