Fáilte chuig Oidhreacht Éireann
Cabhraíonn
oidhreacht thógtha agus nádúrtha na hÉireann linn tuiscint a fháil ar an stair.
Is féidir an stair seo a rianú ónár sibhialtacht is luaithe chuig tús ár
náisiúin nua-aimseartha, ag taisteal tríd na haoiseanna idir eatarthu.
De réir a chéile, tá aird idirnáisiúnta á díriú
ar chaomhnú oidhreacht nádúrtha agus thógtha an domhain. Tá páirceanna
náisiúnta agus limistéir chosanta eile mar chuid de líonra domhanda.
Is é ceann dfhreagrachtaí Oifig na nOibreacha Poiblí
(OPW) oidhreacht thógtha na hÉireann a chosaint agus a chaomhnú. Tá an Roinn
Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (RCORA) freagrach as cosaint agus
caomhnú oidhreacht nádúrtha na hÉireann agus comhoibríonn sí leis an Aontas Eorpach
chun a chinntiú go dtugtar aire do limistéir chosanta in Éirinn a mbaineann
luach Eorpach leo.
Is é dualgas príomhúil an OPW agus na RCORA oidhreacht
na hÉireann a chosaint agus a chothabháil do na glúine amach romhainn, agus mar
sin, iarrtar ar chuairteoirí meas a léiriú ar na láithreáin a thugann siad
cuairt orthu, agus comhoibriú i gcónaí leis an bhfoireann ar an láithreán. Tabhair faoi deara, le do thoil, go
bhféadfaidh rochtain ar láithreáin áirithe a bheith teoranta mar thoradh ar
oibreacha cothabhála riachtanacha.