Toise Téacs:

An Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna

Ginearálta

Faoi théarmaí na Scéime um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna, is féidir cuairteanna scoile/oideachais incháilithe áirithe a thabhairt ar láithreáin gan táille a íoc má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Leagtar na coinníollacha sin amach thíos.



Incháilitheacht

1. Tá an Scéim seo ar fáil go ginearálta do ghrúpaí scoile de dhaltaí Bunscoile nó Dara Leibhéal, le cois daltaí a fhreastalaíonn ar scoil riachtanas speisialta nó ranganna riachtanas speisialta.

2. Níl an Scéim seo ar fáil do na grúpaí nó eagraíochtaí seo a leanas:

Tionscnóirí Turas agus Oibreoirí Cóiste;

Eagraíochtaí a mhúineann Béarla mar Theanga Iasachta / Scoileanna Teanga; 1

Aon tríú páirtí nó Cuideachta a ghearrann táille as a seirbhísí chun gníomhaíochtaí, imeachtaí nó turais treoraithe a eagrú do ghrúpaí oideachais;

Coláistí Breisoideachais agus Ardoideachais, Ollscoileanna, cúrsaí seachtracha, cúrsaí lae/tráthnóna;

Laethanta saoire staidéir, cúrsaí samhraidh, scoileanna samhraidh agus turais léachtaí.



Coinníollacha

3. Beidh na coinníollacha seo a leanas i bhfeidhm go docht maidir le feidhmiú na Scéime um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna.

3.1

Ní mór an chuairt a chur in áirithe go díreach leis an láithreán 21 lá roimh ré ar a laghad agus ní mór an áirithint a dheimhniú tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig roimh an gcuairt. Ní mór do scoileanna a thuiscint go bhféadfaidh sé a bheith riachtanach láithreáin a dhúnadh ó am go ham le haghaidh oibreacha cothabhála nó eile, agus ba chóir do dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu cuairt a thabhairt orthu dátaí agus amanna oscailte na láithreán i gceist a sheiceáil;

3.2

Ní mór don chuairt a bheith mar chuid den churaclam Bunscoile nó den churaclam Meánscoile /

Gairmscoile / Pobalscoile ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta;

3.3

I gcás daltaí ó thíortha eile de chuid an AE, ní mór don chuairt a bheith mar chuid den

chúrsa staidéir bunscoile / dara leibhéal ábhartha leagtha amach sa churaclam náisiúnta ina

dtíortha dúchais. Féadfar fianaise cháipéiseach oifigiúil chun é sin a chruthú a lorg agus

forchoimeádann Seirbhísí do Chuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí an ceart chun táille iontrála iomlán a ghearradh má mheasann sé nach leor an fhianaise a chuirtear ar fáil.

3.4

Aithnítear go bhféadfaidh Scoil Teanga Ghairmiúil / oibreoir tráchtála in Éirinn cuairt daltaí / scoileanna ó thíortha eile a bhainistiú / a riaradh thar a gcinn. I gcás dá leithéid, beidh an t-oibreoir tráchtála i dteideal leas a bhaint as an Scéim agus aithneofar é sin nuair a bheidh áirithintí etc. á ndéanamh thar ceann na scoile. Mar sin féin, cé go bhféadfaidh an t-oibreoir tráchtála déileáil leis an scoil Iasachta ar bhonn tráchtála agus táille a ghearradh as a chuid seirbhísí, ní cheadaítear dóibh in aon imthosca táille a ghearradh ar an scoil i ndáil le táille iontrála nó táille isteach ar an láithreán. Má thugtar le fios do Sheirbhísí do Chuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí gur gearradh táillí dá leithéid, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh an t-oibreoir sin a eisiamh ó pháirt a ghlacadh sa Scéim amach anseo.

______________________________________________________________________________

1 Ach amháin i gcás ina mbíonn an Scoil ag déileáil le daltaí iasachta a bhíonn ar cuairt a bhaineann go díreach lena gCuraclam Náisiúnta féin (féach ailt 3.2 go 3.4 freisin).



3.5

Ní mór cuairteanna atá incháilithe faoin Scéim seo a dhéanamh le linn na bliana scoile acadúla2. Measfar aon chuairteanna déanta ag grúpaí lasmuigh den bhliain acadúil a bheith ina gcuairteanna príobháideacha agus gearrfar an ráta grúpa/linbh iomlán a bhíonn i gceist de ghnáth orthu.

3.6

Ag na láithreáin níos gnóthaí, ach go háirithe, seans nach mbeidh sé éasca i gcónaí freastal ar Ghrúpaí Scoile / Oideachais agus moltar go tréan do Mhúinteoirí / Ceannairí Grúpaí smaoineamh faoi chuairteanna a sceidealú le linn an tséasúir ísil chun cáilíocht agus sult a gcuairte a fheabhsú. Beidh láithreáin in ann comhairle dhíreach a thabhairt faoi na hamanna is fearr le cuairt a thabhairt;

3.7

Ba chóir aon riachtanais speisialta atá ag baill an Ghrúpa i ndáil le rochtain dóibh siúd le soghluaisteacht theoranta nó le riachtanais áirithe eile a chur in iúl ag céim na háirithinte ionas go mbeidh foireann an láithreáin in ann comhairle a thabhairt faoi leibhéal na rochtana féideartha. Maidir leis sin, ba chóir d’eagraithe agus urraí Grúpaí a thabhairt faoi deara nach féidir rochtain a ráthú i gcónaí don lucht le soghluaisteacht theoranta mar gheall ar nádúr an-chuid de na láithreáin stairiúla, agus is fearr seiceáil roimh ré chun díomá a sheachaint.

3.8

Ní mór aon iarratais speisialta maidir le Turais Treoraithe i dteanga shonrach a chur in iúl tráth na háirithinte freisin. Tabharfaidh foireann na láithreán comhairle faoi infhaighteacht seirbhísí treorach sa teanga i gceist; cé go ndéanfaidh na Treoraithe a ndícheall freastal ar an iarratas, ba chóir do Mhúinteoirí /Ceannairí Grúpaí agus eagraithe a thuiscint nach mbeidh sé indéanta i gcónaí freastal ar riachtanais maidir le Gaeilge nó teanga iasachta.

3.9

Tá an Múinteoir/Ceannaire Grúpa freagrach as a chinntiú go bhfaigheann an láithreán an réamhfhógra riachtanach maidir le rochtain a fháil ar an dáta i gceist agus aon riachtanais bhreise a bheidh i gceist, chun a chinntiú go mbeidh rochtain ar an láithreán ag an ngrúpa ar an dáta i gceist agus go soláthrófar seirbhís ardchaighdeáin dóibh. Ní bheidh pearsanra an láithreáin nó Seirbhísí do Chuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as mainneachtain urraí an ghrúpa aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo;

3.10

Gheobhaidh an Múinteoir / Ceannaire Grúpa dearbhú den áirithint i scríbhinn roimh ré. Ní mór an cháipéis sin a sholáthar ar lá na cuairte: leis an gcáipéis beidh an grúpa ainmnithe i dteideal pas iontrála amháin a fháil a bheidh bailí don lá / dáta luaite amháin;

3.11

Féadfaidh roinnt láithreán atá dúnta nó a bhfuil uaireanta oscailte srianta acu le linn an gheimhridh bheith ar fáil le haghaidh cuairt oideachais shonrach le linn na tréimhse dúnta, ar iarratas.

Braithfidh rochtain ar an láithreán sna himthosca sin go hiomlán ar infhaighteacht Treoraithe agus ar mheasúnacht Mhaoirseoir an Láithreáin nó pearsanra eile de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar rioscaí féideartha, cosúil le hoibreacha ar an láithreán nó aimsir dhona, a chiallódh go mbeadh cuairt ar an láithreán contúirteach nó místuama. Tá cinneadh Mhaoirseoir an Láithreáin críochnaitheach i gcásanna den leithéid seo;

3.12

Ar lá na cuairte, déanfaidh Múinteoir / Ceannaire Grúpa amháin caidreamh le pearsanra Treorach an Láithreáin agus cuirfidh sé nó sí an fhaisnéis riachtanach uile in iúl maidir le cuairt an Ghrúpa;

3.13

Chun cabhrú le bainistíocht shábháilte Grúpaí Scoile / Oideachais, beidh gá le cóimheas sainithe de mhaoirseoirí fásta inniúla le daltaí. Leagfaidh foireann an Láithreáin an cóimheas sin amach nuair a chuirfear an chuairt in áirithe.

________________________________________________________________________________

2 Seachas i gcásanna ina dtugann daltaí iasachta a léiríonn go bhfuil siad ag déanamh oibre atá mar chuid dá gcuraclam náisiúnta cuairt le linn na tréimhse samhraidh


Go ginearálta beidh cóimheas 20:1 i gceist, ach i gcásanna áirithe ina bhfuil guaiseacha áirithe ar láithreáin áirithe nó ina gciallaíonn cineál an ghrúpa go mbeidh sé riachtanach aird níos mó a thabhairt orthu, seans go mbeidh cóimheas níos mó de mhaoirseoirí fásta ag teastáil. Ceadófar maoirseoirí fásta isteach leis an nGrúpa saor in aisce chun críocha na cuairte oideachais.

Gearrfar táille mac léinn ar dhaoine fásta sa bhreis ar an gcóimheas maoirseachta éilithe a theastaíonn uathu dul isteach leis an ngrúpa.

Má tá amhras ar bith faoi fheidhmiú na gcoinníollacha seo, cuir glaoch, le do thoil ar Sheirbhísí do Chuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí ar (01) 647 6592. Beidh an cinneadh críochnaitheach ag Seirbhísí do Chustaiméirí i ndáil le haon fhiosrú.



Cuardaigh an láithreáin

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< November 2008 >
S M T W T F S
26 27 28 29 30 31 1
2 3 4 5 6 7 8
9 10 11 12 13 14 15
16 17 18 19 20 21 22
23 24 25 26 27 28 29
30 1 2 3 4 5 6
day | week | month

Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo