Cárta Oidhreachta
Déan Oidhreacht Éireann a Thaiscéaladh
- Tugann Cárta Oidhreachta cead don cheannaitheoir rochtain gan teorainn a fháil ar na Láithreáin Oidhreachta uile a bhainistíonn Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar feadh bliain amháin ón dáta ceannaigh.
- Chun faisnéis a fháil faoi shuíomh, amanna oscailte etc. na láithreán ar féidir cuairt a thabhairt orthu le Cárta Oidhreachta OPW, déan na láithreáin a bhrabhsáil, le do thoil, trí réigiún a roghnú ón bpríomh-roghchlár. Is féidir an áis chuardaigh nó léarscáil na láithreán a úsáid freisin
- Is é an bealach is tapúla agus is éasca le Cárta Oidhreachta OPW a cheannach ná é a cheannach ag an gcéad láithreán OPW ag a n-íoctar táillí a dtugann tú cuairt air. Is féidir Cártaí Oidhreachta OPW agus bileoga eolais a fháil ó Dublin Tourism, Sráid Suffolk, BÁC 2 agus ó Oifigí Turasóireachta in Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionainne, Luimneach, Inis agus Áth Dara freisin.
- Tá an rogha agat freisin an fhoirm a phriontáil agus a chomhlánú agus é a chur chugainn ar fhacs nó tríd an bpost. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gá ach foirm amháin a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh ar roinnt Cártaí Oidhreachta OPW.
- Má tá sárbhronntanas á lorg agat, cad faoi Chárta Oidhreachta atá ar fáil i dTiachóg Bronntanais?
Is féidir foirm chomhlánaithe a thabhairt isteach ag aon láithreán ag a n-íoctar táillí, nó is féidir í a chur tríd an bpost nó ar fhacs chuig an seoladh / uimhir facs thíos.
Oifigeach
na gCártaí Oidhreachta,
Seirbhísí do Chuairteoirí (SAORPHOST),
Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW),
Aonad 20, Páirc Miondíola Lakeside,
Clár Chlainne Mhuiris,
Co. Mhaigh Eo.
Guthán: + 353 1 6476592
Facs: + 353 94 9373395
heritagecard@opw.ie
