Príobháideacht agus Séanadh
Cóipcheart
Tá an t-ábhar ar an láithreán gréasáin seo faoi réir chóipcheart an Rialtais de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Féadfar an t-ábhar a íoslódáil chuig comhad nó printéir ar son na húsáide pearsanta amháin. Nuair a eisítear an t-ábhar seo le daoine eile, ní mór an fhoinse (URL san áireamh) agus stádas cóipchirt a aithint.
Ní shíneann an cead maidir le hábhar cóipchirt an Rialtais a atáirgeadh chuig aon ábhar ar an láithreán gréasáin seo a fhéadfaidh a bheith faoi úinéireacht tríú páirtí. Ní mór údarás chun ábhar dá leithéid a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt i gceist.
Séanadh
Níl in ábhar na leathanach seo ach treoir faisnéise amháin. Is í aidhm an ábhair feabhas a chur ar rochtain an phobail ar fhaisnéis faoin Rialtas agus a Ranna. Cé go ndéantar gach iarracht agus ábhar á ullmhú le bheith foilsithe, ní ghlacann an Stát le haon fhreagracht as aon bhotúin, easnaimh nó ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo nó ar aon láithreán gréasáin a bhfuil na leathanaigh seo nasctha leis, ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar a cheann.
Cé go ndéantar gach iarracht iontaofacht na láithreán gréasáin liostaithe a chinntiú, ní féidir glacadh leis sin mar fhormhuiniú ar na láithreáin seo.
Príobháideacht
Tá meas ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar chearta a húsáideoirí agus go ginearálta, ní bhailíonn sí aon chineál faisnéise pearsanta. I gcás go gcuireann úsáideoir faisnéis phearsanta ar fáil go toilteanach mar fhreagra ar cheistneoir nó suirbhé, úsáidfear na sonraí chun críocha taighde nó anailíse amháin.
Maidir le brabhsáil ghinearálta an ghréasáin, ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn, cé go bhfuil roinnt faisnéis staitistiúil ar fáil dúinn trí mheán ár soláthraí seirbhíse idirlín. Féadfar an fhaisnéis seo a leanas a bheith san áireamh ar an bhfaisnéis sin:
Seoladh loighciúil an fhreastalaí atá á úsáid agat
An t-ainm fearainn barrleibhéil óna ndéanann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.)
An cineál brabhsálaí atá in úsáid agat
Cén dáta agus cén t-am a ndéanann tú rochtain ar ár láithreán gréasáin
An seoladh Idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár láithreán gréasáin
Úsáidtear roinnt den fhaisnéis thuas chun staitisticí achoimrithe a chruthú a chuireann ar ár gcumas líon na gcuairteoirí ar ár láithreán gréasáin a mheas, na leathanaigh a ndéantar an rochtain is coitianta orthu a aithint, agus go ginearálta, ár láithreán gréasáin a dhéanamh níos éasca le húsáid.
Fianáin
Is píosa faisnéise é fianán a fhéadfaidh a bheith seolta chuig do bhrabhsálaí ag láithreán gréasáin Idirlín nuair a dhéanann tú rochtain ar fhaisnéis ar an láithreán gréasáin sin.
Cé go bhféadfaidh an láithreán gréasáin seo fianáin a úsáid, ní úsáidfimid iad chun sonraí rúnda a stóráil nó chun iarracht a dhéanamh tú a aithint.
Faisnéis Phearsanta:
Féadfaimid iarraidh ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt dúinn má fhaighimid iarratas uait ag lorg faisnéis breise. Ní thaifeadfar an seoladh seo ach amháin má roghnaíonn tú teachtaireacht a sheoladh chugainn. Ní úsáidfear é ach chun na críche sin.