Toise Téacs:

Loughcrew

Cairn Loch Craobh

Sonraí Teagmhála

 

Seoladh: An Baile Corr, An Seancaisléan, Co. na Mí   
Uimhir Theileafóin:  Lár Mheithimh – Deireadh Lúnasa +353 49 854 1240, +353 87 052 4975
Uimhir Facs: +353 64 39192 (Brú na Bóinne)

Uaireanta Oscailte

Lár Mheithimh – Deireadh Lúnasa: Go laethúil  10.00 – 18.00                  
Cead isteach deiridh go Carn T    45 nóiméad roimh am dúnta

Gnáthfhad na Cuairte: 1 uair

Táillí Isteach

Saor in aisce

Áiseanna

Áit phoiblí pháirceála do charranna / busanna. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an bóthar isteach an-chaol agus nach mór a bheith an-chúramach. Níl leithris ar bith ann. 

Bialann/Seomraí Tae: Níl 

Is tuamaí pasáiste Neoiliteacha iad Cairn Loch Craobh, a fuair a n-ainm ó Shliabh na Caillí agus tá siad ann ón mbliain 3000 BC. Tá na tuamaí istigh faoi thrí cinn de chnoic agus tá Carn T, ceann de na tuamaí is mó sa choimpléasc suite ar an gCarn Bán Thoir.  Tá seomra croschruthach istigh sa tuama seo; tá díon coirbéalta air agus tá roinnt de na samplaí is deise d’ealaín neoiliteach na hÉireann ann.  Nuair a bhíonn cónocht an earraigh agus an fhómhair ann bailíonn daoine le chéile ag Carn T le breacadh an lae chun breathnú ar sholas na gréine ag sileadh isteach sa seomra agus ag soilsiú an chuid taobh istigh den tuama.  

Suíomh: 3km soir ón Seanchaisleán, i leataobh ó bhóthar an R163, tuairim is 80km siar ó thuaidh ó Bhaile Átha Cliath 

Bealach (Bealaí) Busanna: Téigh i dteagmháil leis an Ionad Taistil, Bus Éireann ag +353 1 836 6111 

Turais Threoraithe:  An líon is airde: 7         

Beidh treoraithe i gcónaí ar an láthair nuair a bheidh cuairteoirí ag dul isteach sa tuama

Bileog eolais/ Leabhar treorach: Béarla       

Ócáidí Séasúracha: Seiceáil roimh ré le do thoil; úsáid na sonraí teagmhála thuas  

An gceadaítear Fótagrafaíocht / Físeán:  Ceadaítear

Faisnéis Bhreise: Tá an dreapadh ar Charn T an-ghéar agus iarrtar ar chuairteoirí bróga oiriúnacha a chaitheamh agus a bheith cúramach. Níl aon bhealach isteach ann do chuairteoirí i gcathaoireacha rothaí. 

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< October 2008 >
M T W T F S S
29 30 1 2 3 4 5
6 7 8 9 10 11 12
13 14 15 16 17 18 19
20 21 22 23 24 25 26
27 28 29 30 31 1 2
day | week | month


Cuardaigh an láithreáin

Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo