Caisleán Mhaigh Nuad
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Maigh Nuad, Co. Chill Dara
Uimhir Theileafóin: + 353 1 628 6744
Uimh. Facs: +
353 1 628 6848
Ríomhphost: maynoothcastle@opw.ie
Suíomh gréasáin: Níl
Uaireanta Oscailte
Meitheamh Meán Fómhair Go laethúil 10.00 18.00
Deireadh Fómhair: Dé Sath., Dé Domh. agus Laethanta
Saoire Bainc 10.00 17.00
Gnáthfhad na Cuairte: 45 nóiméad
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Taispeántas
Bialann/Seomraí Tae: Níl
Tógadh an caisleán breá cloiche seo go luath sa 13ú céad agus bann ba mhó a bhí cónaí ar Ghearaltaigh Chill Dara. Chuir Gearaltaigh Chill Dara lena ngabháltais agus lena dtionchar agus ba ghearr go rabhadar ar cheann de na teaghlaigh ba chumhachtaí in Éirinn. Bhí Caisleán Mhaigh Nuad ar cheann de na tithe ba mhó agus ba shaibhre a bhí ag Iarlaí na tíre. Ba é Gearóid Mór, ar a dtugtar Iarla Mór Chill Dara, a rialaigh Éirinn in ainm Rí Shasana ó 1487 1513 agus nuair a bhí a mhac, Gearóid Óg an 9ú hIarla, ag rialú ba é an caisleán an lárionad cumhachta ó thaobh polaitíochta agus cultúir de. Bhí an Daingean a bhí ann ar dtús, a tógadh timpeall na bliana 1203, ar cheann de na daingin dá leithéid ba mhó in Éirinn. Rinneadh athchóiriú ar an gcaisleán go luath sa 17ú céad agus tosaíodh ag úsáid na bhfoirgneamh a bhí ar an taobh thoir de na tailte seachas a bheith ag úsáid an Daingin. Dílsíodh don Stát é sa bhliain 1991 agus cuireadh tús le clár athchóirithe i bhFeabhra na bliana 2000. Tá taispeántas faoi stair an chaisleáin agus an teaghlaigh sa Daingean.
Suíomh: Baile Mhaigh Nuad, tuairim is 30km siar ó lár Bhaile Átha Cliath ar an N4
Bealaí Busanna: 66/67/67A ó Sráid an
Phiarsaigh
Traein ó Stáisiún Uí Chonghaile
Turais Threoraithe : Rochtain chuig
an daingean - ar thuras treoraithe amháin.
An turas deiridh: uair a chloig roimh am
dúnta
An líon is airde: 50
Fad ama: 40 nóiméad
Ní mór do gach grúpa deichniúir nó níos mó ná
deichniúr áit a chur in áirithe roimh ré.
Bileog eolais/ Leabhar treorach: Bileog eolais i mBéarla
Ócáidí Séasúracha: Taispeántais ócáideacha, ceolchoirmeacha, agus léachtaí.
An gceadaítear Grianghrafadóireacht/
Físeán: Ceadaítear,
ach tá cead ag teastáil más le haghaidh tráchtála
Faisnéis Bhreise: Rochtain theoranta do chuairteoirí faoi mhíchumas