Toise Téacs:

Clonamcnoise

Cluain Mhic Nóis

Sonraí Teagmhála

Seoladh: Cluain Mhic Nóis, Droichead na Sionainne, Baile Átha Luain, Co. Uíbh Fhailí
Guthán:           +353 90 9674195
Facs:               +353 90 9674273
Ríomhphost:     clonmacnoise@opw.ie
(Le haghaidh an eolais amháin, ní mór na háirithintí uile a dhéanamh ar ghuthán/facs)

Uaireanta Oscailte

Samhain – Lár an Mhárta: Gach lá, 10:00 – 17:30
Lár an Mhárta – Lár na Bealtaine: Gach lá, 10:00 – 18:00
Lár na Bealtaine – Lár Mheán Fómhair: Gach lá, 09:00 – 19:00
Lár Mheán Fómhair – Deireadh Fómhair: Gach lá, 10:00 – 18:00
(Tá an cead isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta)
(Dúnta ar Lá na Nollag)

Táillí Isteach

Duine Fásta: €5.30
Seanóir/Grúpa: €3.70
Mac Léinn: €2.10
Teaghlach : €11.50

Áiseanna

Taispeántais, leithris (lena n-áirítear leithris do chuairteoirí faoi mhíchumas), clós páirceála do ghluaisteáin agus busanna
Bialann/Seomraí Tae:            Seomra Tae – Suíocháin: 30 – 40

Is láithreán Luath-Chríostaíochta é seo a bhunaigh Naomh Ciarán i lár an 6ú haois ar bhruach thoir Abhainn na Sionainne. Ar an láithreán tá fothraigh ardeaglaise, seacht séipéal (10ú – 13ú haois), dhá chloigtheach, trí ardchros agus an bailiúchán is mó de leaca uaighe na Luath-Chríostaíochta in Iarthar na hEorpa. Tá na hardchrosa bunúsacha agus roinnt leaca uaighe ar taispeáint san ionad cuairteoirí.

Déantar cur síos ar stair fhada ilchineálach Chluain Mhic Nóis i láithreoireacht chlosamhairc a thaispeántar san ionad cuairteoirí. Tá taispeántais ann freisin a léiríonn plandaí, ainmhithe agus tírdhreach an réigiúin.

Suíomh:   21km ó Bhaile Átha Luain le comharthaí bóthair ón N62, nó 20km ó Bhéal Átha na Sluaighe le comharthaí bóthair ón R357

Busbhealaí:   Oibreoirí príobháideacha amháin

Turais Treoraithe:  
Uasmhéid daoine:  60
Fad ama: 30 nóiméad

Bileog/Treoirleabhar:  Gaeilge, Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis agus Fraincis

Imeachtaí Séasúracha:  Seirbhís bhliantúil Eaglais na hÉireann amuigh faoin aer i mí Iúil.  Lá Pátrúin bliantúil Naomh Ciarán i mí Mheán Fómhair.  Déan teagmháil leis an láithreán, le do thoil, mar féadfaidh athrú teacht ar na dátaí i gceist gach bliain.

Tógáil grianghraf/físeán: Ceadaithe, ach amháin sa téatar closamhairc

Ní mór ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála

Eolas breise:
Láithreoireacht Chlosamhairc:
Ainm:               Ciarán’s City Fair
Suíocháin:         56
Fad ama:          20 nóiméad
Teangacha:       Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Fraincis 

Rochtain:
Tá an t-ionad cuairteoirí go hiomlán inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas
Tá rochtain theoranta ag cuairteoirí faoi mhíchumas ar an láithreán

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur láithreán an-ghnóthach é seo, agus go bhféadfadh moilleanna a bheith i gceist le linn an tsamhraidh.

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< November 2008 >
S M T W T F S
26 27 28 29 30 31 1
2 3 4 5 6 7 8
9 10 11 12 13 14 15
16 17 18 19 20 21 22
23 24 25 26 27 28 29
30 1 2 3 4 5 6
day | week | month


Cuardaigh an láithreáin

Uirlisí

  • Priontáil an leathanach seo
  • Leabharmharc an leathanach seo