Crannlann Kilmacurragh
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Cill Bhríde, Co. Chill Mhantáin
Uimh.
Theileafóin: 0404 48844,
+353 1 8570909
Uimh. Fhacs: TBC
R-phost: botanicgardens@opw.ie
Suíomh
gréasáin: www.botanicgardens.ie
Uaireanta Oscailte
Lár na Samhna go Lár
Feabhra: Go Laethúil, 09.00 16.00
Lár Feabhra go Lár na
Samhna: Go Laethúil, 09.00 18.00
Meánfhad
Turais: 1 uair an
chloig
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Carrchlós, leithris
phoiblí
Bialann/Seomraí
tae: Dada
Is iad Garraithe
Náisiúnta na Lus atá i mbun Chrannlann Kilmacurragh anois. Déanadh athchóiriú air le blianta beaga
anuas, agus tá an Chrannlann ag forbairt mar ionad do bhailiúchán plandaí ó
réigiúin mheasartha an domhain, ar a n-áirítear an tSín, an tSile agus na
Himiléithe. Is féidir le cuairteoirí
taitneamh a bhaint as gnéithe mar shiúlóidí coille sa chrannlann, na ciumhais
dúbailte a athchóiríodh le déanaí, siúlóid stairiúil iúir, linn agus cluainte
ina bhfuil lusanna fiáine dúchasacha.
Tá cáil ar leith ar an gCrannlann de bharr a cuid crann buaircíneacha, a ródaideandróin agus cailctheifigh eile, (plandaí ar fuath leo aol) agus tá cuid de na samplaí is fearr den chineál sin speiceas sna hoileáin seo ann. Chuir Thomas Acton formhór na crannlainne sa 19ú haois, in éineacht le David Moore agus a mhac Sir Frederick Moore, ar choimeádaithe iad ar Gharraithe Náisiúnta na Lus ag an am sin. Tá mórphlandáil nua á chur leis an mbailiúchán inniu, a bhailigh foireann Gharraithe Náisiúnta na Lus ó iliomad áiteanna éagsúla ar fud an domhain chun tacú lena gcuid oibre eolaíochta, caomhnaithe, gairneoireachta agus oideachais. Ceadaíonn ithir éagsúil agus toscaí aeráide Kilmacurragh le rath cuid mhór speiceas a bheadh ag streachailt nó nach bhféadfaí a fhás lasmuigh i nGlas Naíon.
Suíomh: .Timpeall
5km den N11 Bóthar Bhaile Átha Cliath go Loch Garman ag teach tábhairne an
Beehive
Bealaí Bus: Déan
Teagmháil le hIonad Taistil Bhus Éireann ag +353 1 8366111
Turais faoi
Threoir:
Aga: 1 uair an chloig
12.00pm agus 3.00pm go
laethúil, saor in aisce
Bileog/Leabhar
Treorach: Béarla
Imeachtaí
Seásúrtha: Déan seiceáil roimh ré
le do thoil ag úsáid na sonraí teagmhála atá liostáilte thuas
Fótagrafaíocht
/ Físeán ceadaithe: Tá, ach
cead a fháil