Ionad Cuairteoirí Bhóthar Chorr Liath
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Ionad Bhóthar Chorr Liath, Caonach, Co.
Longfoirt
Guthán: +353
(0)43 22386
Facs: +353
(0)43 22442
Ríomhphost: ctrackwayvisitorcentre@opw.ie
(Le
haghaidh an eolais amháin, ní mór na háirithintí uile a dhéanamh ar
ghuthán/facs)
Uaireanta Oscailte
1 Aibreán 30 Meán Fómhair: Gach lá, 10:00 18:00
Tá an cead isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta.
Tabhair
faoi deara: Nuair atá an Cháisc roimh 1 Aibreán,
osclaíonn an tIonad ó Dhéardaoin Mandála le haghaidh an tséasúir.
Meánfhad na Cuairte: 1½ uair
Táillí Isteach
Saor in aisce
Áiseanna
Taispeántais,
leithris (lena n-áirítear leithreas do chuairteoirí faoi mhíchumas), clós
páirceála do ghluaisteáin agus busanna, limistéar picnice
Bialann/Seomraí Tae: Limistéar picnice amháin Áiteanna
Suí: 40 50
Déileálann an t-ionad seo le bóthar portaigh ón
Iarannaois a tógadh sa bhliain 148 R.C. trasna thalamh portaigh Longfoirt, gar
dAbhainn na Sionainne. Tá an bóthar darach ar an mbóthar is mó den chineál seo
a fuarthas san Eoraip, agus rinne an tOllamh Barry Raftery ón gColáiste
Ollscoile, Baile Átha Cliath é a thochailt. Laistigh den ionad léirithe, tá
ocht méadar déag den bhóthar leasaithe ar thaispeáint bhuan i halla atá deartha
go speisialta chun an struchtúr adhmaid ársa a chaomhnú. Tá obair chaomhnaithe
déanta ag Bord na Móna agus Oifig na nOibreacha Poiblí ar an bportach
mórthimpeall air chun a chinntiú go bhfanfaidh sé fliuch agus go gcaomhnófar an
bóthar faoin talamh.
Suíomh: 3km ó shráidbhaile Chaonach agus is féidir
teacht air ón mbóthar ó Longfort go Caonach, R397. 15km ó Longfort nó ón mbóthar ó Mhuileann
gCearr go Béal Átha Liag R392.
Busbhealaí:
Oibreoirí príobháideacha amháin
Turais Treoraithe:
Cead
isteach le turas treoraithe amháin
Uasmhéid
daoine: 50
Fad ama: 1
uair an chloig
Turas deireanach ag 17:00
Bileog/Treoirleabhar: Béarla
Imeachtaí Séasúracha: Níl ar fáil
Tógáil grianghraf/físeán: Ceadaithe, ach amháin sa téatar closamhairc
Ní mór
ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála
Eolas breise:
Láithreoireacht
Chlosamhairc:
Ainm: Crossing the Centuries
Suíocháin: 61
Fad ama: 17 nóiméad
Teangacha: Béarla
Rochtain: Tá an t-ionad go hiomlán inrochtana ag
cuairteoirí faoi mhíchumas