Toise Téacs:

Bru na Boinne

Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne (Dún Fheargusa agus Cnobha)

Sonraí Teagmhála

Seoladh:  Dún Uabhair, Contae na Mí   
Uimhir Theileafóin:  +353 41 988 0300
Uimhir Facs:  +353 41 982 3071
Ríomhphost:  brunaboinne@opw.ie 
Láithreán Gréasáin:  Níl aon láithreán ann

Uaireanta Oscailte

Márta – Aibreán: Gach lá, 09.30 – 17.30
Bealtaine: Gach lá, 09.00 – 18.30
Meitheamh – lár mhí Mheán Fómhair: Gach lá, 09.00 – 19.00
Lár mhí Mheán Fómhair go deireadh  mhí Mheán Fómhair: Gach lá, 09.00 –18.30
Mí Dheireadh Fómhair: Gach lá, 09.30 – 17.30
Samhain – Feabhra: Gach lá, 09.30 – 17.00

Bíonn Dún Fheargusa ar oscailt ó cheann ceann na bliana ach amháin ar an 24, 25, 26, agus an 27 Nollaig.  Bíonn Cnobha ar oscailte ón gCáisc go dtí an 31 Deireadh Fómhair.

Cead isteach deiridh chuig Ionad na gCuairteorí 45 nóiméad roimh dhúnadh na háite.

Meánfhad na Cuairte:
A Taispeántas: Uair an chloig
B Taispeántas agus Dún Fheargusa: 2 Uair 
C Taispeántas agus Cnobha: 2 Uair
D Taispeántas agus Dún Fheargusa agus Cnobha: 3 hUaire

Táillí Isteach

A --- B-- C-- D--
Duine fásta: €2.90 €5.80 €4.50 €10.30
Grúpa & Seanóir: €2.10 €4.50 €2.90 €7.40
Páiste / Mac Léinn: €1.60 €2.90 €1.60 €4.50
Teaghlach: €7.40 €14.50 €11.00 €25.50

Áiseanna

Saoráidí:  Carrchlós/clós bus, seirbhís tointeála mionbhus go Dún Fheargusa agus Cnobha, limistéir radhairc. Tá rochtain gan stró ar an ionad ag cuairteorí atá faoi mhíchumas – lena n-áirítear saoráidí leithris.  Oifig eolais do thurasóirí. Limistéar picnice.

Bialann/Seomraí Tae: Seomraí Tae ar féidir 110 duine suí iontu

An aidhm atá le hIonad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne ná míniú a thabhairt ar thábhacht shéadchomharthaí Neoiliteacha Dhún Fheargusa, Chnobha agus Dhubhadh. Is é atá le feiceáil mar chuid den taispeántas raonach ná macasamhail d’uaimh Dhún Fheargusa, í ar chóimhéid leis an uaimh bhunaidh, mar aon le mionsamhail de cheann de thuamaí Chnobha.

Is in Ionad na gCuairteoirí a íocann daoine isteach go Dún Fheargusa agus Cnobha, agus is trí thurais threoraithe amháin a ligtear isteach iad. Níl aon rochtain dhíreach ar na séadchomharthaí sin. Tugtar cuairteoirí ó Ionad na gCuairteoirí go dtí na séadchomharthaí ar bhus tointeála.

Tabhair do d´aire, led thoil, go bhfuil earráid clódóireachta sa leabhar imeachtaí Sheachtain na hOidheachta 2008. Tá cead isteach saor in aisce d´Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne, Brú na Bóinne agus Cnobha ar 24, 30 agus 31 Lúnasa amháin. Is oth linn aon mhearbhall sa chás seo.

Suíomh:  2 chileaméadar siar ó Bhaile Dhún Uabhair ar an taobh Theas den Bhóinn

Treoracha:  Dóibh siúd a úsáideann Córais Seolbhealaigh Shatailíte, tugaidís ar aire gurb é Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne a gceann scríbe.

Via Mhótorbhealach M1
Aneas:  Gabh ar an M1 ó thuaidh agus tóg an dara bealach amach tar éis na cánach bealaí.  Feicfidh tú comhartha ansin le haghaidh Dhún Uabhair agus Bhrú na Bóinne. Téigh trí bhaile Dhún Uabhair. Tá Ionad na gCuairteoirí 2 chileaméadar thar an mbaile ar thaobh na láimhe deise

Aduaidh: Gabh ar an M1 ag tabhairt aghaidh ó dheas. Tóg an chéad bhealach amach tar éis Dhroichead Cáblaí na Bóinne. Feicfidh tú comhartha ansin le haghaidh Dhún Uabhair agus Bhrú na Bóinne. Téigh trí bhaile Dhún Uabhair. Tá Ionad na gCuairteoirí 2 chilliméadar thar an mbaile ar thaobh na láimhe deise.

Ón Uaimh: Gabh ar an N51 go Baile Shláine.  Agus tú i mBaile Shláine, cas ar dheis i dtreo Bhaile Átha Cliath ar an N2.  Tóg an dara casadh ar chlé. Lean na comharthaí le haghaidh Bhrú na Bóinne (Newgrange).

Ó Dhroichead Átha:  Gabh ar Bhóthar Dhún Uabhair ón Stáisiún Bus atá lonnaithe taobh leis an N1 ar an taobh theas den Bhóinn. Lean ort 7 gcileaméadar go baile Dhún Uabhair. Tá Ionad na gCuairteoirí 2 chileaméadar thar an mbaile ar thaobh na láimhe deise.

Ó Bhaile Átha Cliath: Gabh ar an N2 ó thuaidh trí Chill Éagláin i dtreo Bhaile Shláine. Cas ar dheis thart ar 2 chileaméadar ó dheas de Bhaile Shláine. Lean na comharthaí le haghaidh Bhrú na Bóinne (Newgrange).

Ó Bhaile Átha Troim: Gabh ar an R161 go dtí an Uaimh. Lean treoracha ón Uaimh go Baile Shláine.  Agus tú i mBaile Shláine, cas ar dheis i dtreo Bhaile Átha Cliath ar an N2.  Tóg an dara casadh ar chlé. Lean na comharthaí le haghaidh Bhrú na Bóinne (Newgrange).

Bealach/Bealaí Bus:  Cuireann Bus Éireann seirbhís bhus ar fáil idir Ionad na gCuairteoirí agus Droichead Átha. Reáchtáiltear an tseirbhís seo i gcomhar le seirbhís Dhroichead Átha go Baile Átha Cliath.  Glaoigh ar Ionad Taistil Bhus Éireann +353 1 8366111 or +353 41 983 5023

Turais Threoraithe: Dún Fheargusa           Knowth
Uaslíon                    24                               48
Fad:                        Uair an chloig               Uair an chloig

 

Turas deiridh na séadchomharthaí uair agus 45 nóiméad roimh dhúnadh an ionaid.

Ní mór do ghrúpaí cúig dhuine dhéag nó níos mó ná sin iad féin a chur in áirithe roimh ré.                      

Bileog Eolais/Treoirleabhar: Ar fáil i mBéarla, i nGaeilge, i bhFraincis, i nGearmáinis, in Iodáilis, i Spáinnis agus i Seapáinis

Imeachtaí Séasúracha:  Fiosraigh an scéal roimh ré trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thuas

An gceadaítear grianghraif /físeáin:  Ceadaítear, ach amháin taobh istigh d'uaimh Dhún Fheargusa. Teastaíonn Cead chun críocha tráchtála.

Eolas Breise:
Cur i Láthair Closamhairc:       
Méid Suíochán: 30
Fad:                             7 nóiméad
Teangacha:                   Béarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis

Tugadh daoine ar aire gur ionad an-ghnóthach é seo agus go bhféadfadh moill a bheith curtha ar chuairteoirí i rith an tsamhraidh. Más ag tabhairt cuairte ar Dhún Fheargusa nó ar Chnobha atá tú, ní féidir a bheith cinnte go ligfear isteach thú. Grúpaí atá curtha in áirithe roimh ré, bítear ag súil go mbeidh siad i láthair in Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne san am ceaptha, agus ní ag na séadchomharthaí.

Moltar do dhaoine a bheith ag an Ionad chomh luath sa lá agus is féidir le ticéid a cheannach do na turais. Údar díomá acu mura bhféadfaidís freastal ar thuras ceal spásanna.

Féilire Imeachtaí

Event Calendar
< August 2008 >
S M T W T F S
27 28 29 30 31 1 2
3 4 5 6 7 8 9
10 11 12 13 14 15 16
17 18 19 20 21 22 23
24 25 26 27 28 29 30
31 1 2 3 4 5 6
day | week | month


Cuardaigh an láithreáin

Uirlisí

  • Print this page
  • Bookmark this page