Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin
Sonraí Teagmhála
Seoladh: An Lárionad Oideachais, Páirc Náisiúnta
Shléibhte Chill Mhantáin, Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin
Guthán: Lárionad Oideachais +353 404 45656, Oifig
Faisnéise +353 404 45425
Facs: +353 404 45710
ríomhphost: wickloweducationcentre@environ.ie
Láithreán Gréasáin: www.wicklownationalpark.ie
Uaireanta Oscailte
Bíonn an Lárionad Oideachais ag
feidhmiú ó Luan go hAoine ar feadh na bliana. Ní mór cuairt a chur in
áirithint.
Tá an Oifig Faisnéise ar oscailt go séasúrach.
Bealtaine Meán Fómhair, Ar oscailt gach lá: 10:00 17.30
Deireadh Fómhair Aibreán, An deireadh
seachtaine amháin:10:00 - 17.30
nó tráth an bhreacdhorchadais má tá sé níos luaithe
Meánfhad na Cuairte: An-éagsúil
Táillí Isteach
Tá ár seirbhísí uile saor in aisce
Áiseanna
Tá taispeántais theagmhálacha ag an Oifig
Faisnéise agus tá ball foirne ann chun freagra a thabhairt ar cheisteanna.
Tá sraith de chonairí siúil marcáilte ann chun
cuairteoirí a threorú ar chonairí atá idir 30 nóiméad agus ceithre huaire an
chloig i bhfad. Tá roinnt acu sin oiriúnach do chathaoireacha rotha. Tá
léarscáileanna ar díol san Oifig Faisnéise.
Níl aon leithris seachas na leithris sa
charrchlós.
Bialann/Seomraí Tae: Díolann siopa sa charrchlós
sceallóga prátaí, uachtar reoite etc.
Tá boird phicnice ann gar do na plásóga.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil cosc ar fhulacht.
Clúdaíonn Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin
cuid mhaith dardtalamh Chill Mhantáin agus cumhdaíonn sé limistéar thart ar
20,000 heicteár. Tugann an Pháirc Náisiúnta cosaint do
thírdhreacha agus don fhiadhúlra. Tá gnáthóga tábhachtacha ann cosúil le
coillte dúchasacha, mar shampla na coillte darach ag Gleann Dá Loch, agus limistéir mhóra de
bhratphortach, lena n-áirítear coimpléisc Log na Coille agus Portach Cheann na
Life.
Tá Oifig Faisnéise na Páirce Náisiúnta agus an Lárionad Oideachais araon suite i nGleann Dá Loch gar don Loch Uachtarach. Tá an Lárionad Oideachais dírithe ar fheasacht ar an nádúr, caomhnú agus éiceolaíocht. Cuireann sé raon cúrsaí agus turas ar fáil do leanaí scoile, mic léinn agus grúpaí eile. Tá an Lárionad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas.
Suíomh: Ón Láithreach, tóg an bóthar go Gleann Dá Loch. Téigh thar Ionad Cuairteoirí & Cathair
Ghleann Dá Loch agus thar óstán Ghleann Dá Loch. Ag deireadh an bhóthair tá
carrchlós (táille 4). Fág do charr anseo. Lean na comharthaí chuig an Lárionad
Oideachais (siúlóid gearr suas Bóthar an Mhianadóra), nó chuig an Oifig
Faisnéise.
Busbhealach: Bíonn seirbhís bus St. Kevin ag dul
ó Chathair Bhaile Átha Cliath go Gleann Dá Loch (féach a láithreán gréasáin)
Turais Treoraithe: Cuir glaoch ar an Lárionad Oideachais chun turas oideachasúil nó sainchuairt a shocrú.
Bileog/Treoirleabhar: Tá raon bileog faoin bPáirc
Náisiúnta a chlúdaíonn ábhair éagsúla ar díol san Oifig Faisnéise. Tá na
bileoga uile as Béarla.
Imeachtaí Séasúracha: Cuirtear sraith imeachtaí ar fáil
gach bliain. Is féidir liosta dimeachtaí a fháil san Oifig Faisnéise nó ar an
láithreán gréasáin.
Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe: Tá
Eolas breise: Is limistéar cosanta é an Pháirc Náisiúnta
agus moltar do chuairteoirí cloí leis na prionsabail Ná Fág Rian. Go háirithe,
tóg do bhruscar uile abhaile leat, ná pioc plandaí agus bláthanna, agus ná tóg
nithe nádúrtha eile abhaile leat.