Caisleán Átha Dara
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Áth Dara,
Co. Luimnigh.
Uimh. Theileafóin: +353 61
396666
Facs: +353 61
396932
Riomhphost:
adareheritage@eircom.net
Uaireanta Oscailte
Socruithe
Oscailte: 1 Iúil 30 Meán Fómhair gach bliain.
Meánfhad
cuairte: 1 uair.
Táillí Isteach
Duine Fásta: 5.00
Ráta Grúpa: 4.50
Seanóirí & Scoláirí: 3.50
Ráta Grúpa do Sheanóirí/Mhic léinn: 3.00
Áiseanna
Saoráidí: Leithris,
leithreas do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil in Ionad Oidhreachta Átha Dara.
Bialann/Seomraí
Tae: Tá bialann in Ionad Oidhreachta Átha Dara.
Tá Áth Dara aitheanta mar shampla breá den chaisleán
meánaoiseach daingnithe in Éirinn agus tá sé ar cheann de na sárchaisleáin atá
suite i gContae Luimnigh. Tá sé tógtha ar láthair straitéiseach ar an mbruach ó
thuaidh dabhainn na Máighe ar ráth a bhí ansin roimhe, áit a raibh sé in ann
trácht na habhann a rialú.
Ba dhaingean tábhachtach leis an Iarla Deasumhan a bhí
ann. Daingean láidir cearnógach atá i gcroí cosanta an chaisleáin agus é tógtha
taobh istigh de bharda a bhfuil falla thart air agus móta taobh amuigh de. Tá
an halla mór le taobh na habhann, agus fuinneoga ó thús an 13ú haois ag
breathnú amach ar an abhainn, agus tá cistin agus bácús in aice láimhe.
Thosaigh tionscadal mór caomhnaithe agus athchóirithe ar an láithreán i 1997.
Déantar rochtain go dtí Caisleán Átha Dara a bhainistiú i bpáirtíocht le hIonad Oidhreachta Átha Dara atá suite ar an bPríomhshráid, Áth Dara. Bíonn turais threoraithe á reáchtáil ó Ionad Oidhreachta Átha Dara agus bíonn seirbhís tointeála bus ar fáil go dtí agus ón gcaisleán.
Suíomh: Tá Caisleán Átha Dara suite in aice leis an bpríomhdhroichead bóthair ar abhainn na Máighe ar an N21 isteach go dtí Áth Dara as Luimneach (Ná déan dearmad, áfach, gur trí Ionad Oidhreachta Átha Dara a eagraítear rochtain cuairteoirí go dtí Caisleán Átha Dara).
Turais
Threoraithe: Is i ngrúpaí treoraithe ó Ionad Oidhreachta Átha Dara
amháin a bhíonn rochtain ar Chaisleán Átha Dara.