Mainistir na Hinse
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Sráid
na Mainistreach, Inis, Co. an Chláir.
Guthán: +353 65 682 9100
Facs: +353 65 684 1020
Ríomhphost: ennisfriary@opw.ie
Láithreán Gréasáin: Níl ar fáil
Uaireanta Oscailte
Cáisc go
Meán Fómhair: Gach
lá, 10.00 18.00
Deireadh Fómhair: Gach lá, 10.00 17.00
Tá an cead
isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta.
Trí shocrú a dhéanamh agus é a chur in
áirithe roimh ré, is féidir le grúpaí rochtain a fháil ar an láithreán le linn
an tséasúir dúnta.
Meánfhad na Cuairte: 45 nóiméad
Táillí?? Isteach
Duine Fásta: 1.60
Grúpa & Seanóir: 1.10
Leanbh/Mac Léinn: 1.00
Teaghlach : 4.50
Áiseanna
Clós páirceála do ghluaisteáin/busanna gar don láithreán
Bialann/Seomraí Tae: Níl ar fáil
Tá a lán dealbhóireachta snoite in aolchloch
chrua na háite ón 15ú/16ú haois le feiceáil sa mhainistir Phroinsiasaigh seo ón
13ú haoise, bunaithe ag Muintir Uí Bhriain ó Thuamhan, a bhí i gceannas ar
chuid mhaith den Mhumhan thuaidh, tráth.
Tá íomhá snoite de Naomh Proinsias ag léiriú na
stiogmaí le feiceáil i gcorp na heaglaise. Tá sé ag iompar bata croise agus ag
caitheamh aibíd na bProinsiasach. Faoi áirse theas an túir, seans go raibh an
ceannbhrat casta féithigh ó dheireadh an 15ú haois mar chuid duaigh
ornáideach. Tá easpag snoite ar thaobh amháin de na coirbéil atá ag tacú leis
an gceannbhrat seo, agus ar an taobh eile, tá an Maighdean agus a Leanbh. In almóir san áirse idir corp na heaglaise
agus an chroslann tá íomhá de Ecce Home nó Bá Chríost. Tá a chuid lámh
ceangailte agus tá comharthaí den chéasadh timpeall air. Tagann solas an
chaingil ón bhfuinneog thoir iontach déanta suas de chúig fhuinneog arda
chaola. Bhí roinnt uaigheanna ríoga agus
uasaicmeacha sa chaingeal tráth. I measc na n-uaigheanna atá sa mhainistir fós,
tá ceannbhrat uaigh Inse Choinn/Uí Bhriain agus uaigh Creagh ar a bhfuil cúig
phainéal páise snoite a thagann ó uaigh Mhic Mhathúna, atá i bhfad níos
sine. Ag cúl na huaighe seo, tá trí
dhuine dhéag snoite a léiríonn Críost agus na hAspail; cruthaíodh iad sin i lár
an 15ú haois.
Is féidir cuairteoir ar Mhainistir na hInse an
sacraistí a fheiceáil freisin, struchtúr suntasach le síleáil easnach le boghta
bairille. I ndiaidh chur faoi chois na mainistreacha, dúsáideadh an Mhainistir
le haghaidh cúirteanna seisiúin agus dúsáideadh an sacraistí mar sheomra
cúirte.
Amach as an sacraistí tá limistéar an chlabhstra inar atógadh cuid den stuara.
Suíomh: Lár Bhaile na hInse
Busbhealach/Busbhealaí: Déan teagmháil le hIonad Taistil Bus
Éireann + 353 1 8366111
Turais Treoraithe:
Ar fáil ar iarratas
Uasmhéid Daoine: 30
Fad ama:
45 nóiméad
Imeachtaí Séasúracha: Déan iad a sheiceáil roimh ré trí
leas a bhaint as na sonraí teagmhála thuas
Tógáil grianghraf/físeán ceadaithe:
Tá sé
ceadaithe, ach ní mór ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála
Eolas breise: Rochtain theoranta ag cuairteoirí
faoi mhíchumas trí shocrú a dhéanamh roimh ré.