Cluain Mhic Nóis
Sonraí Teagmhála
Seoladh: Cluain Mhic Nóis, Droichead na Sionainne,
Baile Átha Luain, Co. Uíbh Fhailí
Guthán: +353
90 9674195
Facs: +353
90 9674273
Ríomhphost: clonmacnoise@opw.ie
(Le
haghaidh an eolais amháin, ní mór na háirithintí uile a dhéanamh ar
ghuthán/facs)
Uaireanta Oscailte
Samhain -
Lár an Mhárta: Gach
lá, 10:00 - 17:30
Lár an
Mhárta - Lár na Bealtaine: Gach
lá, 10:00 - 18:00
Lár na
Bealtaine - Lár Mheán Fómhair: Gach lá, 09:00 - 19:00
Lár Mheán
Fómhair - Deireadh Fómhair: Gach
lá, 10:00 - 18:00
(Tá an cead isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta)
(Dúnta ar Lá na Nollag)
Táillí Isteach
Duine Fásta: €6.00
Mac Léinn: €2.00
Seanóir/Grúpa: €4.00
Teaghlach : €14.00
Áiseanna
Taispeántais,
leithris (lena n-áirítear leithris do chuairteoirí faoi mhíchumas), clós
páirceála do ghluaisteáin agus busanna
Bialann/Seomraí Tae: Seomra
Tae - Suíocháin: 30 - 40
Is láithreán Luath-Chríostaíochta é seo a bhunaigh Naomh Ciarán i lár an 6ú haois ar bhruach thoir Abhainn na Sionainne. Ar an láithreán tá fothraigh ardeaglaise, seacht séipéal (10ú - 13ú haois), dhá chloigtheach, trí ardchros agus an bailiúchán is mó de leaca uaighe na Luath-Chríostaíochta in Iarthar na hEorpa. Tá na hardchrosa bunúsacha agus roinnt leaca uaighe ar taispeáint san ionad cuairteoirí.
Déantar cur síos ar stair fhada ilchineálach
Chluain Mhic Nóis i láithreoireacht chlosamhairc a thaispeántar san ionad
cuairteoirí. Tá taispeántais ann freisin a léiríonn plandaí, ainmhithe agus
tírdhreach an réigiúin.
Suíomh: 21km ó
Bhaile Átha Luain le comharthaí bóthair ón N62, nó 20km ó Bhéal Átha na
Sluaighe le comharthaí bóthair ón R357
Busbhealaí:
Oibreoirí príobháideacha amháin
Turais Treoraithe:
Uasmhéid
daoine: 60
Fad ama: 30
nóiméad
Bileog/Treoirleabhar:
Gaeilge, Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis agus Fraincis
Imeachtaí Séasúracha: Seirbhís bhliantúil Eaglais na hÉireann amuigh faoin aer i mí Iúil. Lá Pátrúin bliantúil Naomh Ciarán i mí Mheán
Fómhair. Déan teagmháil leis an
láithreán, le do thoil, mar féadfaidh athrú teacht ar na dátaí i gceist gach
bliain.
Tógáil grianghraf/físeán: Ceadaithe, ach amháin sa téatar closamhairc
Ní mór
ceadúnas a fháil má tá sé chun críocha tráchtála
Eolas breise:
Láithreoireacht
Chlosamhairc:
Ainm: Ciarán's City Fair
Suíocháin: 56
Fad ama: 20 nóiméad
Teangacha: Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Fraincis
Rochtain:
Tá an
t-ionad cuairteoirí go hiomlán inrochtana ag cuairteoirí faoi mhíchumas
Tá rochtain
theoranta ag cuairteoirí faoi mhíchumas ar an láithreán
Tabhair
faoi deara, le do thoil, gur láithreán an-ghnóthach é seo, agus go bhféadfadh
moilleanna a bheith i gceist le linn an tsamhraidh.