Teach Bhaile an Chaisleáin
Sonraí Teagmhála
Seoladh :Cill Droichid, Co. Chill Dara
Uimhir Theileafóin : + 353 1 628 8383
Facs :+ 353 1 627 1811
Ríomhphost : castletown@opw.ie
Láithreán Gréasáin: www.castletown.ie
Uaireanta Oscailte
Socruithe oscailte 2010:
13 Márta go Deireadh Dheireadh Fómhair
Máirt go Domhnach, 10.00 go 18.00
Oscailte do Shéasúr na Nollag
Dúnta ar an Luan seachas Laethanta Saoire Bainc
Féadfar Castletown a dhúnadh ar ghearrfhógra le haghaidh ghnó an Rialtais
Céad turas treoraithe ar 10.30
Cead isteach deireanach ar 16.45
Meánfhad cuairte : Uair an chloig
Táillí Isteach
Daoine Fásta : €4.50
Daoine Scothaosta/Mic Léinn/Leanaí 5 bliain d'aois & níos sine :€3.50
Ráta Clainne : €12.50
Grúpaí : 20 duine fásta - €3.50
Áiseanna
Leithris, Leithreas do chuairteoirí faoi mhíchumas, ardaitheoir chuig gach urlár, oiriúnach do chathaoireacha rothaí, carrchlós
Bialann/Seomraí Tae :
'CHC at The West Wing', Castletown
Ar oscailt: Ceadaoin go Domhnach, agus Luain saoire bainc. 10.00 - 17.00.
Uimh. Theil : + 353 1 627 9498
Ríomhphost : info@clairehanley.ie
Is é Teach Bhaile an Chaisleáin an teach tuaithe "Pallaidiach" is mó agus is suntasaí in Éirinn. Tógadh é c.1722 le haghaidh urlabhraí Theach na dTeachtaí in Éirinn, William Conolly (1622 - 1729) agus úsáideadh dearaí de chuid roinnt ailtirí, cosúil le Alessandro Galilei, Sir Edward Lovett Pearce agus Sir William Chambers ina dhiaidh sin. Dhíol clann Conolly-Carew an t-eastát iomlán in 1965 chuig forbróir réadmhaoine agus in 1967 cheannaigh Desmond Guinness Onórach an teach agus fearann páirce. Rinne an tUas. Guinness agus, ina dhiaidh sin, Fondúireacht Theach Bhaile an Chaisleáin, a fuair an teach in 1979, sáriarracht chun cothabháil a dhéanamh ar an teach agus chaith siad an-chuid acmhainní chun na príomhsheomraí a thabhairt ar ardchaighdeán. Aistríodh Teach Bhaile an Chaisleáin faoi chúram an stáit an 1 Eanáir 1994.
Láthair:
20 ciliméadar ó lár Bhaile Átha Cliath ar N4/M4/R449,
Casadh as Chill Dhroichid Iarthair
Bealaí Bus: Bus Átha Cliath, rochtain do choisithe : 67/67a, Lár Bhaile Átha Cliath
Turais Threoraithe :
Iontráil le turas treoraithe amháin
Uasmhéid ar thuras :20
Fad an turais :45 nóiméad
Bileoga Eolais/Troirleabhar : Béarla, Fraincis, Gearmáinis
Imeachtaí Séasúracha: Cuir glaoch/ríomhphost chuig Teach Bhaile an Chaisleáin chun eolas a fháil ar cheolchoirmeacha etc.
Grianghrafadóireacht/Físeáin Ceadaithe: Níl
Eolas Breise: Cuir glaoch/ríomhphost chuig Teach Bhaile an Chaisleáin. Coimeád súil ar phreas áitiúil i gcomhair sonraí